Guth Ghoill, Eagrán 6
Maidir leis an phictiúr seo faoi cén áit sna Dúnaibh a tógadh an pictiúr de Mhicí Hiúdaí agus Alan Sutherland, seo leanas an t - eolas a fuair Brian Mac Lochlainn as Inbhear (agus Baile na Deora) ó Maebdh Nic Gairbheith a bhfuil a máthair ina deirfiúr ag Micí Hiúdaí. “ Seo an t - eolas a fuair mé ó mo mháthair maidir leis an phictiúir i nGuth Ghoill. Measann sí gur glacadh an pictiúr i 1931 nó 1932. Glacadh é taobh amuigh de Bhungalow Duthie an áit a bhfuil an Fleets Inn inniu. Leasaitheoir éisc a bhí i John Duthie a tháinig as Aberdeen na hAlban. Thóg sé bungalow agus bhí cáil ar an teach ó thaobh bia de. Bhí sé féin, a bhean agus a iníon i mbun na cócaireachta. Bhí beirt iníon ag John, b ’ iad sin Peggy agus Lizzie. Phós Peggy fear dárbh ainm Sutherland as Albain agus san phictiúr seo i nGuth Ghoill tá mac le Peggy – an buachaill Alan atá ar mhuin an asail le Micí Hiúdaí as an Ard Bán, Na Dúnaibh ”. Buíochas mór do Bernard Bhrinie a rinne an fiosrú fan phictiúr agus do Mhaebdh a thug an t - eolas iontach suimiúil seo. Treoirsheirbhís Aosoideachais Dhún na nGall. Tionscnamh Treorach do Dhaoine Fásta sa Phobal. An raibh fhios agat go bhfuil treoirsheirbhís aosoideachais do dhaoine fásta ar fáil san Ionad Achmhainne Mhíobhaigh, Áras Ros Goill? Tá sé mar aidhm againn cuidiú le duine ar bith sa phobal atá i bhfách le feabhas a chur ar a gcuid oideachais agus eolas a fháil fá na deiseanna slí bheatha a d ’ fheadfadh a bheith ar fáil dóibh. Tá muid in ann comhairle, tacaíocht agus treoir a thabhairt duit má tá suim agat filleadh ar ais ar oideachas nó oilliúint. Tá an seirbhís faoi rún agus saor in aisce. Má tá níos mó eolais de dhith ort cuir glaoch ar Mary Rose @ 074 91 55511 nó maryrose1dalgs@eircom.net . Cumann Lucht Bhodhaire na hÉireann. “ Tá an lucht bodhaire ag iarraidh aitheantais don teanga Comharthaí Gaeilge ” – Carl O ’ Brien, Irish Times, 11/04/2005. Níl Teanga na gComharthaí Gaeilge aitheanta go hoifigiúil ag an Rialtas, ainneoin go bhfuil sé in úsáid mar ghnáth - mheán chumarsáide ag suas le 40,000 daoine bo- dhara, de réir Chumann Bhodhair na hÉireann. Tá an Cu- mann ag seoladh feachtais an seachtain seo, dírithe ar eolas ar an teanga a chothú, agus ar an riachtanas atá ann go mbeadh sé aitheanta ag an Stáit. Is minic ábhar scríofa agus cumarsáid labhartha tré mheán Theanga na gComharthaí Gaeilge gan a bheith ar fáil do na bodhair, a bhfuil an Béarla mar dharna nó tríú theanga acu, a deir an Cumann. Tá an tionscnamh seo a mhaoiniú ag AD- M/CPA faoi Chlár Peace II an AE agus páirtmhaoinithe ag Rialtas na Éireann faoin Phlean Forbartha Náisiúnta.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3