Guth Ghoill, Eagrán 6
(ag leanstan ar aghaidh le scéal Mháinigh ón eagrán dheireannach). Thug Máinigh cur síos maith dúinn ar a shaol agus é ag imeacht agus ag teacht ón ghutáil ar feadh na mblianta fada. Rugadh agus tógadh i nDumhaigh é ar imeall na farraige agus de thairbhe sin bhí sé nádúrtha go mbeadh dlúth - cheangal aige leis an fharraige. Chuaigh sé amach lena athair sa churrach don chéad uair nuair a bhí sé seacht mbliana, agus bhí sé ceithre scór ar a thuras dheir- eannach. Bhí sin thart fa sé bliana o shoin. Lena athair a chuaigh sé amach an chéad uair agus an t - am deireannach bhí sé leis fhéin. Seo mar a rachfadh sé amach go minic ins na blianta deireannacha. Cé go mbeadh imní ar dhaoine eile fa seo ní raibh eagla ar bith ar Mháinigh “ Cha rachfainn amach ach nuair a bheadh tráthnóna breá ciúin ann ” a dúirt sé. Cé go ndéirfinn go raibh ceangal spi- oradálta ag Máinigh leis an fhar- raige níor lig sé a smaointeacha li- omsa. Bhí sé ar a shuaimhneas amuigh agus is cinnte gur chothaigh an fharraige an bhrí agus an mheon ann is go bhfuil intinn bhreá bhríomhar aige go fóill agus é ag machnamh ar an saol agus ar na heachtraí atá ag titim amach. Nuair a chuir mé ceist air cad chuige a raibh sé ag dhul don iascaireacht ins na blianta deireannacha, “ Bhuel a dúirt sé, “ chaithfidh iasc a chur ar an tábla ”. Súilíní, muírlis, faoitíní agus glasáin a bhfaigheadh sé greim orthu. “ An bhfuil cuimhne agat ar an tráthnóna dheireannach a bhí tú amuigh? ” “ Tá ”, a dúirt sé, “ súilín beag amháin a fuair mé ”. Ba gnáth le Máinigh iascaireacht gli- omaigh a dhéanamh fosta. Hughie Óg ins na Dúnaibh a cheannódh na glio- maigh uaidh. Ins na fichidí/tríocaidí ba gnáth leofa iascaireacht scadáin a dhéanamh i mBaighe an Chorrigh. Iascaireacht Fómhair a bheadh ann, eangach amháin leofa sa churrach. Bhí Máinigh sa bhaile sa churrach. “ An ghaoth a rud a ba mheasa ” a dúirt sé “ Ansin obair mhaslach a bhí ann. ” Ní hé duine Máinigh a bheadh ag gearán faoin am cruaidh a bheadh aige amuigh ach d ’ innis sé scéal domh fa bheirt eile a dtáinig sé géar orthu agus iad ag iascaireacht línte. Bhí Dén Rua agus Bóidí Shúsie amuigh le línte taobh amuigh de charraig Ghoill i náit a dtabharfadh siad an Ball air, leath mhíle amach ó Charraig Ghoill Bheag. Tháinig an ghaoth ó dheas orthu agus d ’ éirigh sí breá cruaidh. Le deacracht mhór rinne siad isteach go Dumhaigh é. Bhí siad cloíte agus dúirt sé nach ndearna Bóidi a ’ n lá iascaireachta ina dhiaidh. D ’ innis sé domh fa thuras eile a rinne sé i Scift (Skiff) ó Dhumhaigh le lásla ceilp go Baile na nGallóglach – ba é Dén Mór (Den Charlie), Hughie Dén, Dén Óg Phádraig Dén agus é fhéin a bhí sa chriú. D ’ fág siad Dumhaigh thart fan haon déag ar maidin. Nuair a chuaigh siad suas an Mhaol Rua fhad leis na Hassáin tháinig tart ar Hughie Dén agus Dén Óg agus b ’ éi- gean dófa cuairt a thabhairt ar Theach Mhící Bhacach. D ’ fan Máinigh agus Dén Mór sa bháid.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3