Guth Ghoill, Eagrán 6

Nuair a tháinig an beirt eile ar ais bhí deoch mhaith acu, ach lean siad leofa tríd na Hassáin go dtí go dtáinig siad fhad leis an oileán ghlas ach thug an ghaoth agus an fhearthainn orthu pilleadh. Thaínig siad ar ais go Cé Chreamh in áit a raibh fáiche aoil ag dó. D ’ fan Dén Mór ar an bhád agus tharraing sé an seol thart air fhéin agus chaith an triúr eile an oíche thart fan tine. Ar maidin fuair siad fhad le Baile na nGallóglach. Shiúil Dén Mór isteach go dtí an baile ansin agus nuair a tháinig sé ar ais tráthnóna bhí sé mar boc mór ann, hata úr agus seaicéad úr air. Seo Máinigh Mhícheáil agus cupla páistí de chuid na h - áite. Tá os cionn trí scór agus deich mbliana eatrú. Nach mór a d ’ athraigh an saol san idiram? “ Mol an óige is tiocfaidh sí ” Ráiteas casta D ’ ith damh dubh ubh amh. Is deacair stoca a stróiceadh trasna. Máchailí a bhíonn ar dhaoine Briotáil ; stadaireacht ; fi- arshúilí ; leathlámh ; leathchois ; daille ; bodhaire ; bailbhe. Seanráiteas Ceathrar cailleach gan bheith mantach, Ceathrar francach gan bheith buí, Ceathrar gréasaí gan bheith bréagach, Sin dáréag nach bhfuil sa tír. CUPLA SEANFHOCAL: -Bíonn fáilte agus fiche roimh chuireadh gan iarraidh. ………………………... -An té nach leigheasann im nó uisce beirthe é, níl aon leigheas air. ………………………... -Is garbh mí na gcuach. ………………………... -Is deise cabhair Dé ná an doras.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3