Guth Ghoill, Eagrán 6

 Tugadh ainmneacha ar áiteanna mar go raibh tábhacht ar leith acu i saol na ndaoine. Go minic, bhí baint acu leis na daoine ar leo an áit, nó rinne siad cur síos ar ghnéithe aiceannta áite, nó ar obair éigin a bhí ag dul ar aghaidh in áit. Bheireann siad léargas dúinn ar bheatha na ndaoine, ar stair na háite, ar thíreolas na háite agus ar rudaí eile nach iad. Tá achan ghné de shaol na ndaoine le fáil sna logainmneacha. Is i nGaeilge a bhí logainmneacha na tíre seo i dtús ama, ach cuireadh Béarla orthu nuair a bhí na Sasanaigh i gceannas na tíre. Corr uair, is aistriúchán díreach ón Ghaeilge a rinneadh, corr uair eile is mí - aistriúchán nó droch - aistriúchán a rinneadh agus in amanna eile, is fuaim an ainm a haistríodh, rud a rinne truailliú ceart ar an ainm bhunaidh . Mar shompla, go minic bionn an focal Bally nó Ball le fáil in ainmneacha áiteanna sa Bhéarla. Corr uair, is an focal baile a bhíonn i gceist, uaireannta eile is béal a bhíonn i gceist, mar shompla béal abhainn, agus uair- eannta eile go fóill is bealach a bhíonn i gceist. Caithfidh tú casadh ar ais ar an leagan Gaeilge den ainm le ciall a dhéanamh de. Mar shompla, sa chontae seo tá Ballindrait againn. ‘ Sé an leagan Gaeilge den ainm seo ná Baile an Droichid. Sampla atá san ainm seo d ’ ainm ar aistríodh fuaim na Gaeilge, i.e. Droichead go Drait. Ansin tá Ballinamore againn agus an Ghaeilge atá ar an bhaile sin ná Béal an Átha Móir. Tá mé cinnte go deachaigh an chuid is mó agaibh fríd Ballybofey nó Bealach Bó Féich lá de bhur saol. Dár ndóigh, Bealach Féich a thugtar air anois. Bhuel, faoi mar a thífidh sibh ón leagan Gaeilge den ainm, is é an focal Bealach atá i gceist leis an ainm seo. Maidir leis an fhocal Féich féin, b ’ fhéidir gurb é an focal fiach atá i gceist. Má tá eolas agat féin faoi seo, abair linn. Agus muid ag caint faoi ainmneacha, seo cúpla dóigh a n - úsáidtear an focal baile. i bhfad ó bhaile uainn an t - olc is an t - anachain. Chluinfeá míle ón bhaile é. Arán / im baile. Baile biataigh: Achar talaimh a bhí cothrom le 480 acra nó aon tríochadh de bharúntacht. Radharc i bhfad ó bhaile. Madaí an bhaile. Lán an bhaile bháin. Má tá cúpla ceann eile agat féin, cuir is- teach chugainn iad. Mar chríoch, amharc ar an leagan Gaeilge d ’ ainm Béarla ar bith le Ball/Bally ag a thús as seo amach, agus smaointigh ar an chiall cheart atá leis an ainm.    Beidh dráma ar siúil do pháistí na háite sa Choláiste Gaeilge Ros Goill ar an Aoine an 15 Iúil. Finscéal Teaghlaigh atá ann darbh ainm “ Codhladh Céad Bliain ”. Tá dhá seó i gceist – 2pm agus 7pm agus ceardlann idir an dá cheann má tá suim ag duine ar bith ann. Beidh Campa Samhraidh tré mhéan na Gaeilge a reachtáil ag Céim Aniar do pháistí scoile chomh maith. Beidh litir ag dul ‘ na bhaile le na sonraí .

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3