Guth Ghoill, Eagrán 6

 : Le fáil ar chladaigh chreagacha, go minic faoin fheamainn, tá dath liath/dhonn orthu. Bíonn daoine á bpiocadh le hithe agus le díol agus tá luach maith le fáil orthu. (Ní thaitníonn siad ró - mhaith le muintir ar an taobh thiar de Ros Goill. Ní fios cén fáth!!!)    : Bíonn siad seo greamaithe do na car- raigeacha go cruaidh nuair atá an lán - mhara amuigh, ach is féidir leo snámh thart faoin uisce le bia a fháil. Tá siad breá maith le hithe, ach rud beag righin.  Tá siad seo déchomhlach (bi - valve) agus iad caol fada cosúil le scian.Tá siad le fáil sáite i dtalamh ghainimheach. Tá siad fósta maith le hithe. Bíonn siad á n ’ iascaireacht le trealamh spéisialta.  Tá siad seo fósta déchomhlach, fásann siad ina moill charnáin le chéile in áiteacha a mbíonn srúth láidir farraige ag rith, bíonn siad uilig in achrann a chéile le snáth a ndéan siad féin. Tá siad seo mar a gcéanna maith le hithe. Tá cuid mhór daoine anois ag feirmeoireacht na sliogéisc seo.  Seo sliogiasc íogaireachta (delicacy) agus mar sin de tá siad costasach agus gann. Bhí siad le fáil go forleathan sa Mhaoil Ruaidhe ins na blianta a chuaigh thart ach ní sin an scéal inniu. Tá an sliogiasc seo fósta á fheirmeoireacht sa Mhaoil Ruaidhe. Tá siad fósta déhcomhlach agus tá na sliogáin galánta le druile- anna iontu, ceann amháin cothrom agus an ceann eile leath chruinn.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3