Guth Ghoill, Eagrán 6
Tá sé seo fósta déchomhlach agus le fáil sáite sa ghaineamh nó in oitir láibe. Tá fáinne trom le féiceáil ar an sliogán ar son achan bhliain d ’ aois. Caithfidh tú a thochailt amach le ráca miotail nó le spáid. Seo sliogiasc beag, ubhchrutach, (oval) Tá siad le fáil ar thránna gainimheach. Más féidir leat ceann a fháil le trí spota dhubha air, deir said go mbeidh an t - ádh i gconaí leat. Tá siad le fáil ar chla- daigh chreagacha agus dath lia/bánbhuí orthu. Ní shílim go bhfuil siad maith le hithe. AN CHUACH: “Nuair a chanann an chuach ar chrann gan duilliúir díol Tagann an chuach ón Aifric achan bhliain thart fá lár mhí Aibreáin. Tá na cinn fásta, baineann agus fireann, measartha cosúil lena chéile, iad liath agus stríocaí bána ionntu. Tá eireaball nó ruball fada orthu, iad fa órlach déag ar fhad agus réise sciatháin (wingspan) idir 20 – 24 órlach acu. Is minic dath donnrua ar na cinn bheaga, agus spota bán ar bhaic (nape) an mhuiníl. Tá cliú ar an chuach as a cuid uibheacha a chur i neadreacha éanacha eile, riabhógaí agus spideogaí san aireamh. Tá scairt na cuaiche iontach difriúil agus suntasach, agus bíonn sé le cluinstin go soiléir go luath ar maidin agus ins na trátnóntaí fada. Is deacair í fheiceáil mar go meascann sé go héasgaidh le dathannaí na gcrann a mbíonn sé ina cónaí ionntu. Nuair a scairteann sé, íslíonn sé na sciatháin agus ar- díonn sé a ruball agus ar aghaidh leis an scairtigh. I gcuid mhaith de thíorthaí na hEorpa tá an chuach ainmnithe as an scairt chliúiteach sin, mar shampla: sa Fhrainc - “ Coucou ”, san Ísealtír - “ Koekoek ”, sa Ghearmáin - “ Kuckuck ” agus go fiú san Áis - sa tSeapáin – “ Kak ko ”.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3