Guth Ghoill, Eagrán 6
Bhí daoine mór le rá i gcónaí ar an Bhaile Úr ach pobal macánta go smior a bheadh iontu agus ní bheadh siad ag séídeadh amach a muinníl faoi an uaisleacht a bhí ina measc. Ba é dearthair den Bhodach a bhí i Mící Mór, Míckedy mar a thugtaí air, atá sa phictiúr thuas. Tá sé marbh anois le dhaichead bliain ach beidh cuimhne ag cuid mhór daoine go fóill air. Bhí sé ina fhear mhúinte, modhúil ach níor stad sin an t - aos óg a bheith a diabhlaíocht air. Bhí cara maith amháin aige agus ba sin a asal. Bhí sé i muinín an chaitséaracht lena bheatha a shaothrú. Anois chuir sé iontas orm le goirid nuair a dúirt mé an focal “ caitséaracht ” da- oine éagsúla agus níor thuig siad mé. Tá fhios agam go dtugtar “ mangaire mór éisc ” ar duine mar seo i gceantair eile i dTír Chonaill. Gheobhadh sé mallach éisc – lán na cléibhe ag an cé nó ag cladach Ghorta Mór. Scadáin a ba mhó a bheadh leis. Ar shiúil leis ansin amach Loch is Alt. Is go dtí an Tearmann, Cill Mhic Néanainn agus Cúl Buí is mó a bhí a thuras. D ’ fhanódh sé go minic thar oíche i dtí Bhella Duffy i gCill Mhic Néanainn. Tá sé ráite gur gnáth leis dhul go Leitir Ceanainn agus fiú amháin uair nó dhó go dtí an tSrath Bán. Siúlaí láidir lúthair a bhí ann. De thairbhe go raibh Mící Mór i muinín an asail bhéarfadh sé aire mhaith dithe. Nuair a bheadh asail na gcomharsan amuigh agus a dtóin leis an ghaoth agus leis an fhearthainn, bheadh a asal san te tirim sa chró aige agus í ag fáil scoith an chothaithe. Bhí meas mór ag an asal ar shopóga coirce agus rinne sé cinnte go bhfuair an t - asal seo, i rith an gheimhridh. Bhí air iad seo a cheannacht ó óganaigh an bhaile ar thrí pin- gine an sopóg. Is iomaí cruach ar goideadh sopóg aisti. Go minic bhí stácaí sé pingine i dhith le suí isteach i scoil chárdaí agus is minic a thóg an t - aos óg cupla sopóg as a sciobal fhéin le luach an stáca a fháil ó Mhící Mhór. Tá cuimhne agam nuair a fuair an t - asal deireannach bás gur dhúirt comharsa paidir agus é ag caitheamh na fóide ar an asal. D ’ éirigh sé tuirseach de shiúl i ndiaidh an asail agus séasúr amháin cheannaigh sé capall ar aonach an Chraoslaí. Is cosúil nach raibh dea chuma uirthi agus cha raibh aici ach súil amháin. Bhí Mící Mór brodúil aisti agus thaispeann sé do chomarsa í. “ Bhuel ” a dúirt an comharsa “ tá ceann agat anois a bheirtheas socair do do chuid cnámha an dá lá saoil a bhéas agus rud eile tá súil cliobóg aici. ” Fear onórach múinte cneasta a bhí i Mí- cí Mór. Bhí air a bheith an - láidir lena bheatha a shaothrú.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3