Guth Ghoill, Eagrán 6

I Tá ’ n ghrian bhuí órga ‘ soillsiú síos Thar Mhucais Mhaordha thall, Is beidh ceol na dtonn, le taobh na long Le clos arís ar ball Is ciúin an t - aer, ‘ s is gorm an spéir ‘ S beidh an oíche triall gan mhoill Och, Áintín groí, a stór mo chroí Caoin sléibhte glas ’ Ros Goill. II Nuair a thriallas lucht an ghrá go mall Thart Bhaighe Shéimh na Long. Bíd éanlaith ‘ ceol, s ’ is binn a nglór ‘ S grág faoileán ar an tonn. Trathnóna beag, a tchí tú iad Ag siúl ‘ s ag déanamh moill Och grá mo chroí, gach fear ‘ s gach mnaoi ‘ S caoin sléibhte glas ’ Ros Goill. III Tá daoine caoine cneasta ann A dhéanfadh gnó i ngá Na cailíní is deas a ngnaoi, A ndealbh, is a scath. Tá Gaeilge bhinn ár dtír ’ ann ‘ Sí teanga Choilmcill ’ Och! Taím gan bhrí, is trom i gcroí Gan sléibhte glas ’ Ros Goill IV Ansiúd a bíos na céilithe San oíche ‘ s ard a gcliú Agus muna ndéan tú damhsa bhuel, Is mór an náire thú. Tá na rinnceoirí go h - aigeanta Mar shíóga i gcoill. Ó! Beidh oíche shuailceach, shásta ‘ gat I gColáiste Ros Goill. V Is iomaidh nóin gan smúid gan brón A siúil mé thart trá mór. Ach d ’ imigh siúd, is tháinig seo, An aois maraon gan chabhair Ach ní ligfead as mo chuimhne sibh Go dté mé i gcill A bhánta mín, ’ sa ardáin chaoin, ‘ S a shléibhte glas ’ Ros Goill. VI Ó slán le bánta réidhe is Le Gáinne Mór go hard. Ó slán le mná ‘ s le fir gan char, Le file is le bard Mo bheannacht leat, a Dhúnaibh Ó béad arais gan mhoill. Ach slán go fóill a dhaoine ‘ n ceoil Faoi shléibhte ghlas ’ Ros Goill.  Foilsíodh an dán seo ins an iris “ An t - Ultach ” sa bhliain 1957. D.Nic Pháidín An t - Ardbán Na Dúnaibh Ros Goill Co. Dhún na nGall

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3