Guth Ghoill, Eagrán 6

PAIDREACHA NACH bhFREAGRAÍTEAR. Léirigh Aisteoirí Mhíobhaigh dráma úr iontach do chuid Francie Cullen i gColáiste Ros Goill le goirid. Bhíomar uilig ag dréim go mór leis an dráma, mar chonaic muid “Fear an Gheafta” anuraidh agus ní raibh dabht ar bith againn, ach go mbeadh marc an mháistir ar an dráma seo fósta, ach níor shamhlaigh muid ariamh go mbéadh sé chomh maith is a bhí sé. Bhí muidinne an lucht éisteachta, ag gáire ó thús go deire. Bhí na haisteoirí mar dhaoine gairmúla a fheicfeá i n-Amharclann na Mainistreach nó sa “West End”, i Londain. Bhí an plot ag athrú i rith an ama agus ár gcoinneáil ar chipíní. Tá sé léirithe ag Francie fosta go bhfuil eolas maith aige ar intinn na mban – i.e. go bhfaigheann siad a ndóigh fhéin i gconaí sa deire. D’oscail an dráma dar ndóigh le radharc seom- ra leapan, agus d’athraigh Hughie Fina agus Fíona Pasoma miniú “radharc seomra leapan” go deo. Bhí muid ansin ag fanacht le grá croíúil paiseanta go dtí go bhfaca muid cuid cosa Hughie ag gobadh amach faoin “Duvet” agus a chuid stocaí air, agus iad lán poill. (Dúradh liom ó shin, go ndearn fir Ros Goill grá i gconaí agus a gcuid stocaí orthu). Níor chuala tú ariamh agallamh chomh taircaisneach maslach agus a bhí ag gabhail ar aghaidh idir Phéigí agus Jimmy – (Fíona agus Hughie) agus an díon ag eirí don halla leis an scairt gháire a bhí ag teacht ón lucht éis- teachta. Bhí an bheirt thar barr, chomh maith is a sheas ar staitse ariamh. Ní raibh ann ach bean amhain eile, Caitlín Áine Ní Dhochar- taigh mar Helena, seort bean feasa, agus bhí an teach ag titim síos ag gáire fúithi. Bhí an “plot” ag athrú i rith an ama agus gach eachtra úr níos greannmhara ná an ceann a chuaigh roimhe. John Mhicí Ruaidh, mar Hiudaí, a bhí i mbun connradh marú. Aisteoir don scoith atá in John agus cé go ndearna sé uthairt don mharú rinne sé obair iontach do pháirt Hiúdaí. Bhí gach páirt tógtha go maith. Bhí an dráma suimiúil greannmhar ó thús go deire – gan laigeacht ar bith follasach agus pian i dtaobh gach duine, ag gáire, agus iad ag fágáil an halla. Tá súil agam go mbeidh deis againn an dráma seo a fheiceáil arís sa tsamhradh nuair a bheadh muintir na háite atá ar shiúil sa bhaile. Déanann muid comhgháirdeachas le Francie agus a shlua breá aisteoirí, atá ag cur Ros Goill ar learsgáil chultúra na tíre. L é i r í o d h a n dráma dhá uair i gColáiste Ros Goill, uair amháin i nGaillimh (Féile Drámaíochta an Cheathru Rua) inár éirigh leis an fhoireann cupla gradam a tha- bhairt leo ar an bealach ó thuaidh, agus cuireadh ar stáitse arís é san Fhéile Náisiúnta sna Feochannaí áit a bhfuair sé gradam eile. Bhí spórt agus craic againn ar an bhealach agus dar ndóigh níl an turas thart go fóill. Tá muid ag fágáil na tire moiré don chéad uair le dráma agus beidh gach súil ar Oileán Thóraí tráthnóna Déardaoin ag tús Mhí Mheithimh agus muid ar bharr na dtonn. Beidh dráma eile ag taisteal na mbóthar ar an bhliain seo chugainn agus duine ar bith a bhfuil suim acu páirt a ghlacaint nó cuidiú a thabhairt, ná bígí faiteach agus buailigí linn. Tá an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ag teacht go Ros Goill sa bhliain 2007. Is onóir mhór í sin do cheantar bheag s’aigainne anseo in iarthuaisceart na tire agus beidh meitheal fathaigh a dhíth mar beidh cuidiú agus tacaíocht a dhíobháil ó achan ceathrú le sin a eagrú. “Tá súil agam gur sin paidir a fhreagraítear.”

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3