Guth Ghoill,Eagrán 7

MíÊnaÊSamhnaÊ2005 AnÊ7úÊEagrán MO CHRÓ BEAG AG BUN CHNOC A’ TÍ Is iomaí áit álainn in Éirinn Ag filí ‘ s lucht foghlam’ faoi cháil, Ach measaim gur ghleanntáin Thír Chonaill An áit ann is deise le fáil. Cha dtabharfainn ar choróin Ri Éamann A phálás ‘ s a stór mianach buí M’ áit chónaí bheag féin i dTír Chonaill Mo chró beag ag bun Chnoc a’ Tí. Ná labhair liom fán tír seo a fhágáil ‘ S imeacht thar sáile anonn Nó b’ fhearr liom bheith beo bocht in Éirinn ag mo chailín beag deas dóighiúil donn. ‘ N áit a dtiocfadh liom umhlú Dé Domhnaigh agus paidir a chur ó mo chroí Le hanam mo shinsear a tógadh I mo chró bheag ag bun Chnoc a’ Tí. Tóg suas do chroí cráite, a Éire Beidh bláth ort’ s rachmas go fóill Nuair a phillfeas do chlann bhocht ‘ tá díbrithe ‘ S beidh siad ar ball ag gabháil cheoil. Tríd ghleanntáin is bhántaibh na tíre Le haoibhneas is lúcháir a gcroí “Is glas iad na cnoic I bhfad uainn”, seo mar a chonaic tromlach na n - imiriceach a tháinig as tuaisceart agus iarthar Thír Chonaill an seans seo chun saol úr a thoiseacht i mBaile Ghibb. Is baile fearainn é Baile Ghibb, atá suite cóngarach don Uaimh, i gCo. na Mí agus atá Ɵmpeall 30 míle ó Bhaile Átha Cliath. Tá codarsnacht an - mhór idir an áit réidh inơre seo le talamh curaíochta, agus an áit in aice na farraige, taobh le cnoic agus sléibh- te Thír Chonaill, as ar tháinig na h - imircigh. Bhí eastát mór i mBaile Ghibb, a roinneadh amach le linn “Scéim De Valera” agus ar athshocraigh a lán imiricigh le linn na tríochaidí. Is i 1936 a chuir an Coimisiún Talaimh foirmeacha amach chuig Bunscoileanna, ag cur in íul do theaghlaigh an seans a bhí acu aghaidh a tha- bhairt ar áit úr, ar bhánta na Mí, agus slán a Ĭágáil ag a n - áit dhúchais. Bheadh siad ábalta fil- leadh ar ais ar a n - áit féin lastuigh de bhliain muna socróidís síos, agus gan dabht, d’Ĭill cuid acu. Fuair gach teaghlach 22 - 24 acra talaimh; bhí Inneall Bainte (Reaper), Spraeire (Sprayer), agus Rollóir (Roller) dáilte idir gach cúig theaghlach. Fuair siad fiche cearc le coileach, dhá bhearach nó colpach, dhá bhó bhainne, fiche caora le reithe, dhá mhuc, capall amháin agus lena chois suim airgid £1.50. Fuair siad teach Choimisiún Talaimh, seo gné atá coiƟanta i gCo. na Mí, agus chomh maith seid móna agus fosta cuireadh coinnle ar fáil, lampa “Tilly”, earraí cosúil le h - arán, tae, siúcra agus mar sin. De réir cosúlachta, bhí na h - imiricigh ullmhaithe go leor chun tús a chur le saol úr i gCo. na Mí. Is ar Aoine an Chéasta, 1937, a shroich na Conallaigh Baile Ghibb agus is cosúil gur éirigh leis an chuid is mó socrú síos ann. D’Ĭill cuid acu ar a n - áit dhúchais ach d’Ĭan an chuid is mó. Cén fáth gur shocraigh siad síos in áit choimthíoch a bhí an - difriúl óna n - áit dhúchais féin? Bhuel, d’aistrigh páirt de Thír Chonaill go Baile Ghibb – fiche líonơ a thug a dteanga dhúchais, a nósanna, a dtraidisiún, a gcreideamh agus a gcultúr féin leo. Gan dabht bhí cuid de Thír Chonaill i mBaile Ghibb agus chuir siad a marc nó a rian féin ar an áit.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3