Guth Ghoill,Eagrán 7
MíÊnaÊSamhnaÊ2005 AnÊ7úÊEagrán Tá Bóthar Thír Chonaill, an áit ar shocraigh na Co- nallaigh síos, Bóthar ThailƟnn, an bóthar ar chuir muinƟr Chiarraí futhu agus Bóthar na gCrann, an áit ar Ĭan muinƟr Mhaigh Eo chomh maith le cuid de mhuinƟr Chiarraí. Thiocfadh muinƟr Thír Chonaill le chéile i dƟthe difriúla, ag reiceáil nó ag airneáil, sé sin ag scéalaíocht nó ag bothántaíocht. Ba seo caitheamh aimsire mór a bhí acu agus a choinnigh cultúr Thír Chonaill beo. Bheadh damhsaí ar siúl, postaí, agus ócáidí shóisialta eile agus fosta bhí an comhrá tar éis an Aifrinn, Dé Domhnaigh, tábhachtach dóibh. D’oibrigh siad an - chrua agus bhí mian iontu dul chun cinn a dhéanamh. Bíonn buntáisơ agus míbhuntáisơ ag baint le gach rud agus míbhuntáiste amháin ná go raibh na feir- meacha ró - bheag chun soláthar do chlanna móra agus d’éirigh an imirce coiƟanta; míbhuntáiste mór eile ná nár mhair an Ghaeilge ann. I mBaile Ghibb tháinig cainteoirí dúchais le chéile ó Thír Chonaill, ó Mhaigh Eo agus ó Chiarraí a raibh trí chanúint di- friúil ar fad acu agus ní raibh siad ábalta a chéile a thuiscint, dá bhrí sin, fuair an Béarla an lámh in uachtar mar bhí na daoine ag meascadh lena chéile. Is iad teaghlaigh Chonamara ar fad a tháinig go Rath Cairn a raibh an chanúint chéanna acu agus tá Gaeltacht bhreá bhríomhar ar bun ann. Tá cuid mhór de na daoine, na h - imircigh a tháinig as tuaisceart Thír Chonaill, go háirithe Fanaid, agus as an iarthar marbh anois, go ndéana Dia trócaire ar a n - anam ach tá cuid mhaith acu go fóill a tháinig ann nuair a bhí said an - óg; cuid acu atá lán - sásta lena saol i mBaile Ghibb agus cuid acu a bhfuil a gcroí go fóill i dTír Chonaill. Mar Ĭocal scoir, caithfidh mé a rá gur bhain mé an - taitneamh as an taighde seo a rinne mé i dtaobh Bhaile Ghibb, do Chumann Thír Chonaill, i mBaile Átha Cliath. Mo mhíle buíochais do gach aon duine a chuidigh liom ach go h - áirithe d’Uinsionn Ó Gair- bhí as Ciarraí, do John Carr, do Neil Shiels agus do Chassie Browne as Tír Chonaill, as a gcuid ama, a gcuid eolais agus go mórmhór as a gcuid flaithi- úlachta. EibhlínÊOÊCrualaoi, BaileÊGhilbert, MaighÊDearmhaí, Co.ÊnaÊMí. Seo pictiúr den criú a bhí ar bórd an báid as Na Dúnaibh “An Charraig Airt” a chuaigh síos ar an bheal- ach anonn go hAlbain thart fan bhliain 1933. Ma tá eolas ar bith agaibh ar “An Charraig Airt” insígí dúinn. Beidh tuilleadh eolais ar seo ins san chéad eagrán eile. Ó chlé James a’ Bhrógáin, Meall Mór, Dinis Ó Gallchóir, Meall Mór, Dan Ó Luadhóg, Dún Dúbháin, Anton Rua Mac Eiteigáin, An Mhuirleog agus Johnny Ó Cuilinn, Dún Dubháin. EaglaisÊStellaÊMaris,ÊGáinne,ÊatáÊagÊceiliúradhÊaÊ JubhaileÊcaogaÊbliainÊ IÊmbliana.ÊÊChraoladhÊanÊ tAifreannÊ beoÊ DéÊ DomhnaighÊ anÊ 30úÊ DeireadhÊ FómhairÊóÊGháinneÊarÊRaidióÊnaÊGaeltachta. Eaglais Stella Maris Is é seo pictiúr den rang comhrá a thosaigh cupla seachtain ó shin. Ón chlé tá Aodh Mac Giolla Bhríde, Bríd Mhic Grianna, Eibhlín Nic Giolla Bhríde, Seán Ó Buaidhe agus Maxi Ó Curraoin. Cúpla duine a bhí as lathair ar an oíche sin ná, Celia Mhic a’ tSionnaigh, Marrietta Ní Oireach- taigh agus Damian Ó Conaill. Beidh sé ag dul ar aghaidh go dtí’n Nollag agus beidh ceann eile sa bhliain úr. Tá tús curtha leis an bhunrang fosta agus tá an dá rang Dioplóma ag dul ar aghaidh chomh maith.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3