Guth Ghoill, Eagrán 8

MíÊnaÊNollagÊ2005. AnÊ8úÊEagrán Rógaire amach a bhí i Séamus Dorcha. Fear caol ard a raibh súile beaga dorcha géara ann, agus mi- ongháire míostúil i gcónaí air, agus é ag magadh ar dhuine éiginteach. Ní raibh a dhath a b’fhearr leis ná eagla a chur ar dhuine a mbeadh bealach uaigneach roimhe na bhaile ó oíche airnéal (réacáil). Duine deas múinte, faiteach a bhí i gConcubhair Eoin, ach bhí sé ráite go raibh a chroí amuigh le eagla sa dorchadas. Dúradh seo mar nach rachfadh Concubhair ‘na bhaile ón áirnéal oíche ar bith gan cuideachta. Ag faire a bhí siad an oíche seo Concubhair agus Séamus. Thíos i nDubhaigh a bhí an fhaire, seanduine a bhí céad agus cúig bliana déag, deir siad a bhí marbh. Ná fiafraigh anois dom cé hé mar ní cuimhin liom. Bhí Séamus ina shuí ag ceann an tábla agus gach cosúlacht air go raibh sé ag gabhail a shuigh go maidín. Chá dtiocfadh le Concubhair bocht sin a dhéanamh, mar deir siad go raibh bean sa bhaile aige nach dtabharfadh cead dó bheith amuigh mall, cé acu ag imirt chartaí nó ag faire a bhíodh sé. Níor thosaigh an scéalaíocht go raibh an phai- drín thart. D’fhan Séamus Dorcha go dtí go raibh fhios aige nach raibh ‘nduine le bheith na bhaile le Concubhair agus ansin thosaigh sé. “Tá fhios agaibh uilig cá bhfuil Páirc Pheadair.” “Tá’s a dúirt lucht na faire”. “Bhuel i bhfad ó shoin le linn cogadh na talún, ba ag Peadar Éamonn Bhidí a bhí an pháirc sin. Bhí an talamh ab fhearr san íochtar sa pháirc sin. Is cuma caidé chuirfí sa pháirc, bhí barr iontach maith ar fad ann. Ach ar ndóigh tháinig an báille lá agus é ag cuartú cíosa ach chá dtabhairfeadh Peadar dó é. Bhí an féar sábháilte sa chruach agus bhí Peadar ag buachailleacht bó agus asal a bhí ag innilt ar an fhéar dheas úr ghlas sa pháirc. D’éirigh racán idir an bheirt, Peadar agus an báille. Chuir an báille na hainmhithe amach as an pháirc agus b’éigin do Pheadar bhocht iad a chur suas ar an chnoc; rud a chur isteach go mór air; mar bhí dúil chreathnach ag Peadar sa bhó agus san asal. An bhliain ina dhiaidh sin, ghlac duine de na comharsan an pháirc. Chuir sé prátaí ann. Tháinig an aicíd dhubh ar na prátaí agus níor sábháladh oi- read is práta amháin. An bhliain ina dhiaidh sin cuireadh coirce sa pháirc ach tharla rud uafásach an bhliain sin. Tháinig éanacha móra dubha. Tháinig siad achan tráthnóna nuair a bhí an dorchadas ag titim, agus rinne siad scrios agus créach ar an choirce. Chan fhacthas éanlaith den tsóirt ariamh roimhe sin san áit, agus chan fhacthas ó shoin. Gach bliain ó shin amach, ‘s cuma caidé chuirfí sa pháirc, dhéanfadh francaigh, coiníní, easóga nó ain- mhithe fiáin éigin scrios air. Níor fhás a dhath ann ó shin ach lustarnach agus is amhlaidh atá sé mar sin go fóill. Anois má bhíonn tú ag gabháil thar an pháirc sin san oíche, chífidh tú bó nó asal, agus an ceann ag gobadh amach ón gheafta acu agus grág agus búfra ocrach acu, ach ní fhaca ‘nduine ariamh iad le linn an lae”. Sin mar a chuir Séamas deireadh lena scéal, agus ansin shleamhnaigh sé amach i ngan fhios do lucht na faire. Síos an cosán leis agus an mi- ongháire beag sásta miostúil air, agus é ag smaoineamh fá caidé chomh scanraithe is a bheadh Concubhair bocht ag gabháil thar pháirc Pheadair. Nuair a bhí Séamas ag teacht fhad leis an pháirc chuala sé trúisneach. Tháinig eagla air, d’amharc sé isteach go crith- eaglach. Bhí sé ag éirí lag agus fuar. Cha dtearn an rud a chonaic sé ach é a dhéanamh níos measa. D’éirigh ealta éanacha móra dubha as an pháirc agus scread go mí-shuailceach géar acu, mar bheadh siad ag caoineadh, an fuaim is uafásaigh a chuala Séamas ariamh. Bhí na mílte acu ann agus gan deireadh ar bith orthu. Shílfeá gur amach as cré na páirce a bhí siad ag teacht. Sheas sé ansin agus gan é ábalta bogadh. Nuair a tháinig sé chuige féin, bhí na h-éanlaith ar shiúl, ach bhí asal ina sheasamh ag an gheafta agus a cheann ag gobadh amach. Labhair an t-asal. “Níl tú ag gáire anois” a dúirt sé. Chuaigh Séamas ‘na bhaile agus chan fhaca ‘n duine taobh amuigh dena theach féin é ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann. Ach Concubhair? B’éigean do Choncubhair bocht dul na bhaile leis féin, ach aisteach go leor ní raibh eagla ar bith air. Nuair a tháinig sé go dtí an pháirc, bhí tréan mhisnigh aige agus isteach leis. Shiúl sé síos agus aníos an Pháirc agus ní fhaca sé a dhath. Cha raibh eagla ar Chonchubhair ó shoin, agus is minic a thag- ann sé na bhaile le breacadh an lae agus gan aird ar bith aige ar bhagairt a bhean chéile. Ach mise? Cha rachfainn thar Pháirc Pheadair san oíche dá dtabharfá milliún euro dom. AGUS TUSA? Páirc Pheadair.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3