Guth Ghoill, Eagrán 8

MíÊnaÊNollagÊ2005. AnÊ8úÊEagrán Oileán Íle Sé Oileán Íle an tOileán Albanach is gaire dúinn, thart fá dhá fhichead míle soir ó thuaidh ó Cheann Mhalainne. Oileán mór atá ann, fiche míle ó thaobh go taobh agus fiche míle ó thuaidh aneas, le daonra de 3,500. Níl sé furasta taisteal ann, mu- ra nglacann duine an t - eitleán beag as Glaschú go dtí an Aerfort beag ar an thaobh thiar den oileáin. Tá turas cheithre huaire as Glaschú ar bhus agus ansin dhá uair eile ar bhád breá far- rantóireachta, - tá sé comh maith le cruise - ach ritheann na busanna agus na báid trí nó ceithre uaire achan lá. Tá cáil ar Íle de thairbhe an uisce beatha, agus tá seacht gcinn de dhrioglainn ar an oileán, agus ceann eile ar Jura, an t - oileán béal dorais. Tá éileamh mór ar na ‘turais fuisce’ go háirithe ag na Seapánaigh, rud atá ina bhuntaiste mhór don turasóireacht. Níl forbairtí móra turasóireachta ar bith ann, tá béim ar an saol suaimhneach, an dúlra, na héanacha agus mar sin, agus an fuisce ar ndóigh. Tá tránna breátha ann, agus níl mórán tithe saoire ag eachtrannaigh. Tá Óstáin bheaga agus tithe lóistín, daoine cáirdiúla agus bia den scoth. Cosúil linn féin, tá brú ar an Ghaidhlig, ach tá iarrachtaí ar siúl leis an teanga a choinneáil beo. Tá Ionad breá cóirithe acu, Ionad Choilm Cille, ina mbíonn ranganna Gaidhlig, Gaeilge, ceol, damhsa agus imeachtaí eile don phobal. Tá Gaidhlig mhuintir Íle íontach cosúil leis an Ghaeilge atá a labhairt againn fhéin anseo i Ros Goill, agus is furasta comhrá a bheith agat leo. In am an Ghorta, d’fhág bád seoil, an Exmouth, Doire le dhá chéad go leith duine ar bord, trí scór go leith páistí ina measc, ag súil le saol úr i gCan- ada. Ach ar an droch uair, ar fhágáil Loch Feob- hail di, bhuail stoirm millteanachá agus caitheadh anonn is anall í ar feadh trí lá, go dtí gur scriosadh í ar chósta thiar Íle. Níor tháinig slán ach triúr den chriú. Rinne muintir Íle a ndícheall na coirp a thabhairt i dtír, agus d’éirigh leo céad go leith - mná agus páistí a bhformhór - a chur i gcré i mach- aire gainimh ag an Trá Bhán. Céad go leith bliain ina dhiaidh sin, mar chomóradh ar an Ghorta, a chuir isteach go mór ar mhuintir Íle fosta, tháinig coiste le chéile le leacht a thógáil i gcuimhne ar na daoine a cailleadh ar an Exmouth. I Mei- theamh 2000 nochtaigh Dan Mulhall, Consal na hÉireann in Albain ag an am, agus Sarah Mc Caf- frey as an Chraoslach, a raibh a sin - sin - seanthuismitheoirí agus beirt dá seisear clainne ar bord, nochtaigh siad leacht bhreá ag na beanna, áit ar cailleadh an long. Tá leacht eile tógtha ó shoin ag an Trá Bhán. Tá an ceangal le hÉirinn ag dul siar na céadta bliain, agus deirtear go ndeachaigh Colm Cille i dtír in Íle ar a bhealach go hOileán Í, nach bhfuil i bhfad ó thuaidh as Íle. Tá sé cinnte go raibh manaigh Éireannacha san Óileán, agus tá cros cháiliúil Chill Daltúin ar chomhaois agus ar chomhdhéanamh leo siúd ar Oileán Í. D’fhág manach eile de chuid Choilm Cille a rian ar Íle, Naomh Findlugan (nó Fionn Lugan), agus san áit a raibh áitreamh aige, ag Loch Finlaggan, bhunaigh Ríthe Inse Gaill, na Lords of the Isles, a n - ionad comhdhála. Tá bal- lógaí agus iarsmaí eile anseo, agus crannógaí – an tEileán Mór agus Eileán na Comhairle - atá ag dul siar go Ré an Iarainn. Is cosúil gur ag Finlaggan a hadhlacadh mná céille agus clainn Ríthe Inse Gaill, na Ríthe féin a gcur ar Oileán Í. Tá tochailt seandálaíochta ar siúl ag Finlaggan le cupla bli- ain, agus ionad beag oidhreachta tógtha ann. IsÊ mórÊisÊfiúÊcuairtÊaÊthabhairtÊarÊÓileánÊÍleÊmáÊghe- obhannÊ túÊ seans.Ê Ê CuirfearÊ fearadhÊ naÊ fáilteÊ romhat. PéigíÊRyderÊaÊscríobh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3