Guth Ghoill, Eagrán 8
MíÊnaÊNollagÊ2005. AnÊ8úÊEagrán Is é an rud a tharla ná, fuair Feadaimó a chéad tairngreacht an mhaidin sin. Bhí sé ina luí sopraithe go te sa leaba nuair a bhuail pian tíoranta é sa chloi- geann. Shuigh sé go tobann agus le sin d’imigh an phian agus tháinig an tairngreacht chuige. Chonaic sé radharcanna chomh sóiléir agus dá mbeadh sé ag amharc amach thar an leath - dhoras orthu. Bhí sé ag eitilt thar na tonnta i mbá Thrá na Rosann agus Poll na Gréine ar a láimh dheis. Sula dtáinig sé fhad leis an Tor Mór thiontaigh sé soir agus chonaic sé an long ar ancaire agus curach giota beag níos faide soir agus beirt ina luí inti, duine faoi na baill tosaigh agus an duine eile faoi na baill deiridh. D’eitilt sé leis agus d’aithin sé curach a ath- ara agus cuid curacha beirt de na comharsain ag bo- gadaíl ar bharr an uisce. Bhí fhios aige ar an bho- maite cad é’n obair fhabhtach a bhí ar siúl agus nach raibh am ar bith le cur amú. D’oscail Feadaímó a chuid súile agus bhí sé arais ina sheomra féin. Bhí fhios aige cad é a bhí i ndiaidh tarlú mar ba mhinic a labhair a sheanmháthair leis fán tairngreacht agus í ag moladh dó gan eagla a bheith air nuair a tarlódh sé ach go díreach úsáid a bhaint as an chumhacht le maith a dhéanamh. Léim sé as an leaba, chuir air a chuid bratóga agus anuas ón lochta leis. Bhí a sheanmháthair agus a sheanathair ag srannfach sa chlúdaigh agus mhuscail sé iad le scairt. “A Mhóraí, muscail, muscail go gasta.” Shuigh an bheirt agus rinne a sheanmháthair Comhartha na Croise. Ó, Feadaímó beag, cad é atá ort, a thaisce? “Scread mhaidine ort a stócaigh” a dúirt a sheanathair, “an bhfuil an áit faoi thine?”. “Druid thusa do bhéal a shean uascáin”, a dúirt a sheanmháthair, “nach bhfeiceann tú go bhfuil an gasúr buartha faoi rud éigean”. D’éirigh sí agus shuigh sí ar cholpa na leapa. “Abair leat a thaisce” a dúirt sí agus d’inis Feadaímó go raibh tairngreacht i ndiaidh theacht chuige agus leag sé an scéal amach díofa “Ó bhuel! mhothaigh mé achan rud anois”, a dúirt a sheanathair. “Mhuscail an diúlach fada muid le hinsint dúinn fá bhrionglóid a bhí aige”. Fear a bhí ann a bhí tugtha don phóitín agus cibé cad é na suáilcí a thug Dia dó, ní raibh foighid orthu. “Whist” a scairt a sheanmháthair, “ éist liom a Fheadaímó” agus chuir sí a dhá lámh ar a ghuaillí. “Ná héist le focal amháin eile ach rith chomh tiubh géar is a thig leat síos go dtí an Meall Mór agus tabhair rabhadh do d’athair. Imigh anois a ghasúir agus ná lig do dhuine ar bith nó do rud ar bith tú a stopadh, ar shiúl leat”. Thiontaigh Feadaímó agus thug sé a aghaidh ar an doras. Go díreach ar an bhomaite sin d’oscail an doras agus shiúl a mháthair isteach ón bhóitheach agus pandaí beag bainne léi. “ A Mhaighdean Mhuire tá callán millteanach agaibh anseo” a dúirt sí. Níor leag sí cos ar an urlár don darna uair sular phasáil Feadaímó í mar a bheadh Liam na Sopóige ann. “Faoi Dhia! cad é atá ag dul ar aghaidh” a dúirt sí, “A Dhomhnail inis dom” Shuigh Domhnal sa leaba. “ Tá cloigeann an fhir óig lán clabair agus piseog ag Ciotaí anseo. Síleann sí go bhfuil “cumhacht na tairngreachta” aige. Anois tá sé ar shiúl tríd an baile mar a bheadh fear mire ann, tá shúil agam nach bhfeicfidh duine ar bith é”. Le sin chuala siad callán na madaí ag tafann gheall ar rása Feadaímó. “Ó! tá muid náirithe aige”. Thi- ontaigh Ciotaí, “náirithe? náirithe?” Chonaic Domhnal go raibh sí réidh le toiseacht airsean agus chuir sé a cheann faoin chlúdach gan focal eile. Bhí Feadaímó ar shiúl tríd an baile agus a chosa in airde aige. Bhí fhios aige achan aicearra agus ghabh sé iad. Léim sé thar bhalla amháin agus tháinig sé anuas ar mhullach thréad caorach a bhí ar an bheal- ach chuig an aonach i gCarraig Airt. Thug sé scan- radh millteanach do na caoirigh agus sceap siad achan bhealach. Ba le Connaí Chon Mhór na caoirigh agus bhí an fear bocht fágtha i lár an bheal- aigh ag déanamh damhsa na mire agus é ag am- harc ar ruball an chaoraigh dheireanaigh ag dul as radharc. Lean Feadaímó ar aghaidh. Bhí madadh crosta ag John Mór John Bheag, sean - bhaitsiléir a bhí ina chónaí sa chró bheag dheireanach den bhaile - fearainn. Spot Mór a tugadh ar an mhadadh agus bhí an t - ainm tuilte aige. Bhí sé chomh mór le bearach agus cuma air go raibh mactíre mar FeadaimóÊ(arÊleanstan)
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3