Guth Ghoill, Eagrán 8
MíÊnaÊNollagÊ2005. AnÊ8úÊEagrán shinsear aige. Luíodh an béithíoch seo ar thaobh an bhealaigh mhóir os cionn an chairn aoiligh achan mhaidin ag coinnéail cuid cearca agus ainmhithe na gcomharsan as screabán beag a úinéara. Bhí cliú an mhadaidh seo i mbéal na stocach dímhúinte uilig agus thug siad fairsing leathan do theach John Mhór John Bheag. Cibe ar bith, chonaic Spot Mór rása Fheadaímó an mhaidin seo agus é ag tarraingt air mar a bheadh giorria ann. Chrom sé arais ar a cho- sa dheiridh agus thosaigh an drántan domhan san scornach aige. Ó! Is air a bhí ‘n cuma fhíochmhar agus fionnadh s’aige ina sheasamh amach uaidh mar a bheadh spící ann. Bhí cuid súile an bhaile ar Fheadaímó fán am seo agus nuair a lig Spot Mór a ghair chatha uaidh agus é san aer ag dul i dreo an ghasúir agus a bhéal foscailte mar a bheadh geaftaí ifrinn ann, shíl siad go mba seo an radharc deir- eanach a bheadh acu a chóiche ar Fheadaímó bhocht mar, mór agus eile is a bhí sé, ní raibh ann i ndeir- eadh an lae ach gasúr nach bhfaca a hochtú Nollaig go fóill. Chonaic Feadaímó an madadh agus nuair a chuala sé an ghlam ní mó ná gur chaill sé uchtach. Is minic a bhí an madadh céanna sna sála aige agus é ina rith costarnocht tríd feochadáin agus driseacha ag iarraidh fáil ar shiúl uaidh. Ach an mhaidin seo bhí a athair i gcontúirt agus bhí cadrántacht a mhuintir san fhuil aige. Léim sé fhéin agus bhuail sé cic ar an mhadadh a chuir stad tobann leis an ghlam agus a d’fág Spot Mór ar mhullach a chinn sa charn aoiligh. Luigh Spot Mór ansin gan bogadh as agus é ag déanamh iarracht a anál a fháil ar ais. Faoi dheireadh chonaic sé John Mór John Bheag ag teacht agus tharraing sé é féin amach as an charn aoiligh. Ní raibh John Mór sásta. Bheadh madadh s’aige mar ábhar gáire fán bhaile as seo amach. Caite isteach sa charn aoiligh ag tachrán!. Nuair a tháinig sé fhad leis an mhadadh bhuail sé cic air a chuir isteach ar mhullach a chinn sa charn aoiligh arís é. Droch lá amach is amach a bhí ann do Spot Mhór. Lean Feadaímó ar aghaidh agus bhain sé an Meall Mór amach gan casadh ar constaicí ar bith eile. Chonaic sé na curacha amuigh roimhe agus curach na nGall ag teannadh leo i ngan fhios dóibh. Léim sé amach ar Charraig na mBairneach agus chuir sé scairt ar a athair. | BeidhÊtuilleadhÊdenÊscéalÊseoÊarÊaÊchéadÊeagránÊeile. Oíche Chiúin Oíche chiúin, oíche Mhic Dé, Cách 'na suan, dís araon, Dís is dílse ag faire le spéis, Naí beag gnaoi-gheal ceanán tais caomh Críost ina chodladh go séimh, Críost ina chodladh go séimh. Oíche chiúin, oíche Mhic Dé, Aoirí ar dtús chuala an scéal, "Aililiuia" aingil ag glaoch Cantain Shuairc i ngar is i gcéin Críost ár Slánaitheoir féin, Críost ár Slánaitheoir féin. Oíche chiúin, oíche Mhic Dé, Mac Dé bhí, gáire a bhéil, Tuar da rá 's dá lán-chur i gcéill, Ann gur tháinig tráth chinn a tséin, Críost a theacht ar an saol, Críost a theacht ar an saol. Oíche NOllag AnÊNollaigÊatáÊann TáÊSanÊNioclasÊagÊteacht TáÊnaÊpáistíÊarÊbís TáÊsiadÊagÊsúilÊleÊbeart RugadhÊÍosaÊarÊanÊláÊseo IÊmainséarÊiÊmBeithilÊfado LeanÊnaÊrítheÊanÊréaltÊsaÊ spéir AgusÊthugÊsiadÊórÊdonÊleanbhÊsaÊchró SiobhánÊNicÊUiginn DuibhlinnÊRiabhach Tá Na í onra Dhiarmada agus Ghráinne faoi l á n s e o l s a C h o l á i s t e Gaeilge, agus chlub Thír na nÓg atá á reachtail gach C é a d a o i n i gClubtheach C.L.G. na nDúnaibh. Beidh na himeachtaí seo ar siúl arís go luath sa bhliain úr agus cuirfidh muid scéala chugaibh amach anseo. Tá muid ag glacadh ainmneacha de pháistí ar bith ar mhaith leo freastal ar an Naíonra seo an bhliain se chugainn. Cuir scairt orainn ag 9154830 .
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3