Guth Ghoill, Eagrán 8
MíÊnaÊNollagÊ2005. AnÊ8úÊEagrán Chuir mé tús le teagasc Garchabhrach agus CPR sa cheantar seo sa bhliain 1986. Tho- saigh muid in Halla na Paróiste, Carraig Airt, ansin bhog muid ar aghaidh go dtí an Club Dornálaíochta agus ina dhiaidh sin go dtí an Réalt Thuaidh. Chaith muid am fada sa Réalt Thuaidh a bhí faoi chúram Alfie Ladley ag an am sin. Nuair a dÕimigh Alfie bhog muid chuig an Hay Hall agus tá muid ansin ó shoin. Gach bliain cuirtear tús le ranganna i Mí Dheireadh Fómhair achan oíche Dhéardaoin ón 8 a chlog go dtí an 10 a chlog. Maireann na ranganna fríd go dtí Mí Aibreán de gnách. Cé gur ábhar tabhachtach tromchúiseach atá idir lámha againn, bíonn craic ar dóigh againn, agus is iomaí scéal a éisteann muid leis faoi aicídeacha agus tubáistí a bhuaileann daoine. Tá muid i gcónaí ag foghluim óna chéile. Tá na ranganna saor in aisce agus ag deireadh an chúrsa bíonn scrúdú ann atá saor in aisce fósta ag duine ar bith ar mhaith leis nó léi a dheánamh. Tá trí leibhéal éagsúla scrúdaithe ann, mar tá, an Bunteastas, an Meánteastas agus an Ardteastas. Caithfidh ocht mbliana déag dÕaois a bheith slánaithe ag duine ar bith atá ag iarraidh freastal ar na ranganna seo. Tá cuid mhór daoine sa cheantar a bhfuil an cúrsa seo deánta acu agus tá súil agam go raibh sé ina chuidiú acu ina saol oibre nó sa bhaile. Tá Hugo Boyle agus Ann Boyce againn ón tús agus na teastais uilig acu. Tá thart fá leathdhuísín duine sa pharóiste a bhfuil teas- tas an CPR acu ó Fhundúireacht Croí na hÉireann (Irish Heart Foundation), mar sin de tá caighdeán maith Gharchabhrach sa cheantar. Tá Defibrillators sa cheantar faoi láthair ach tá leibhéal ard in CPR riachtanach ag duine ar bith atá á n - úsáid. Más mó daoine a bhfuil scileanna Gharchabhrach agus CPR acu sin mar is fearr dúinn uiilig é. Tá fáilte rómhaibh uilig theacht chuig na ranganna agus cur leis an líon daoine sa pharóiste a bhfuil an taithí rí - thabhachtach seo acu. Cathal Mac Giolla Chearra, Teagascóir . Garchabhair (First Aid) i bParóiste Ros Goill SeoÊ cuplaÊ griangrafÊ spéisiúilÊ óÊ naÊ mallÊ seascaidí.Ê Ê TonyÊ BhrainighÊ ThuathailÊ (MacÊ GiollaÊ Bhríde)Ê Ê inaÊ sheasamhÊ iÊ mbéalÊ aÊ shiopaÊ “stáinÊ dearg”Ê arÊ chúrsaÊ naÊ farraigeÊ iÊ gCluainÊtSaileach.ÊÊDeirtearÊnachÊraibhÊaÊdhathÊearraíÊarÊaÊ tsaolÊnachÊraibhÊsaÊtsiopaÊaige,ÊagusÊmurÊmbeadhÊféinÊnachÊ mbeadhÊséÊiÊbhfadÊaÊfháil.ÊÊSaÊphictiúrÊeileÊtáÊaÊcharrÊaÊbhíÊ inÊúsáidÊfostaÊmarÊtheacsaí.ÊÊTabharaigíÊfáÊdearÊanÊfaoileánÊ arÊaÊdhíonÊ – ÊbhíÊséÊcosúilÊleÊpeataÊaige,ÊisÊcosúil.ÊÊDeirtearÊ fostaÊsanÊamÊsinÊgoÊraibhÊisteachÊisÊamachÊarÊficheÊsiopaÊarÊ leithinisÊRosÊGoill.ÊÊSeoÊlíostaÊthíosÊdeÊcuidÊacu: JohnieÊ Mháire,Ê JoeÊ Boyce,Ê JohnieÊ Peoples,Ê JoeÊ McÊ Nutt,Ê OifigÊ anÊ PhoistÊ (NaÊ Dúnaibh),Ê MaryÊ Friel,Ê MarkÊ Frank,Ê SeanÊ Mór,Ê MaryÊ Ellen,Ê CitíÊ Ruairí,Ê AndyÊ Hughie,Ê PaddyÊ Simon,Ê CharlieÊ Hay,Ê HughieÊ Óg,Ê JohnÊ Buchan,Ê MicíÊ So- phia,Ê JimÊ Donoghue,Ê MicíÊ Coyle,Ê OifigÊ anÊ PhoistÊ (CluainÊ tSaileach),Ê BillÊ MacÊ LochlannÊ (CaitíÊ Bhill)Ê agusÊ ToneyÊ BhrineyÊThuithail. Ê BhfuilÊpictiúrÊnoÊscéalÊdeÊshiopaÊarÊbithÊacuÊamuighÊansin?ÊÊ MáÊtá,ÊcuirigíÊglaochÊorainnÊ – ÊFíonaÊnóÊCaitlínÊagÊ9154830. Nach óg atá siad is iad ag spallaíocht leis na Gardaí!! Aoibhinn ar chlé agus Aobhá ar dheis agus iad beag beann ar an dlí, is cosúil!!
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3