Guth Ghoill, Eagrán 9

♣ ♣ Seachtain na Gaeilge ♣ ♣ An Spidéal go Bráth. Comhghairdeas le Aisteoirí Mhíobhaigh atá cáilithe don Fhéile Náisiúnta sa Spidéal ag deireadh na míosa. Beidh Paddy Cullen agus an chuid eile den fhoireann ar an ardán thíos ar an 29ú lá ag a hocht a chlog. Tá shúil againn go n - éireoidh go maith leofa. Comhghairdeas fosta le Ann Marie a fuair duais aisteoireachta agus le John Mhicí Rua agus Francie a bheas ag déanamh an Agallamh Beirte thíos. Bíonn Seachtain na Gaeilge á eagrú ar fud na tíre achan bhliain thart ar Lá na Féile Pádraig agus imeachtaí d’achan seort á reachtáil thoir agus thiar, thuaidh agus theas, in onóir an Naoimh Náisiúnta. I bhfus anseo i gceantar Ros Goill reachtáil Céim Aniar imeachtaí éagsúla agus tá pictiúir de chuid acu le feiceáil thíos. Bhí “Maidin le Caife as Gaeilge” ar siúl sa Choláiste Gaeilge ar an 16ú Márta. Seo thuas cuid den mhuintir a bhí i láthair. Tá muid fíor-bhuíoch dóibh uilig agus do gach duine a tháinig agus a thug idir airgead agus chuidiú dúinn, nó a rinne bácáil don ócáid. Tógadh €320 agus rachaidh seo chun tairbhe do Sheirbhís Tarrthála Cósta agus Beanna Chuan na Long. Seo thuas seisiún Scéalaíochta agus Amhránaíochta do na páistí óga á stiúradh sa Choláiste ag an amhránaí chliúiteach as Rann-na-Feirste, Gearóidín Breathnach. Ar ndóigh thaitin seo go mór leo uilig agus ní hiontas ar bith sin – tá fios a ceirde ag an mhaoi seo agus dóigh ghalánta aici leis an mhuintir óga. Agus bhí Céilí agus Damhsa Seanaimseartha sa Choláiste oíche Chéadaoine an 22ú Márta agus bhain achan duine sult is sport as mar tá le haithint sna pictiúir thuas. “Hup” a dúirt sí!! I measc na n-imeachtaí eile bhí comórtas “Seó Fuinneog” ag lucht gnó agus siopaí agus tá ard-mholadh tuillte ag Siopa Poitigéara Aidan, ag an Réalt Thuaidh agus ag an Síbín Ceoil as an obair a chuir siad isteach i máisiú a gcuid fuinneog – maith sibh féin! Bhí Comórtas Ealaíne ann do ranganna 1 agus 2 sna bunscolanna agus seo iad na buaiteoirí: Jake Mac Nuadhat, Sinéad Ní Mhontgomerí, Declan Carthy agus Kerri Nic Lachlainn. Bhí, fosta, cupla babhta de Thráth na gCeist Bord san áireamh agus chríochnuigh sé le ceann deireannach na sraithe sa Síbín Ceoil. Beidh tuilleadh eolais agus pictiúir faoi seo agus faoi bhronnadh an airgid sa chéad eagrán eile.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3