Guth Ghoill, Eagrán 10

Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 Seo roinnt pictiúr galánta de pháistí na dtrí bhunscoil agus iad indiaidh an Chéad Cho- maoineach a dhéanamh in Eaglais Eoin Baiste, Carraig Airt. Séisiúr is fiche acu ar fad a bhí ann agus ina gcuideachta sna pictiúir tá an t- Athair Cathal Ó Beirne agus na múinteoirí a rinne réidh iad le haghaidh na hócáide móire. Indiaidh an Aifrinn bhí sólaistí ar fáil daofa uilig, dá dtuismitheoirí agus dá gcairde in Halla na Paróiste agus is cinnte go raibh lá ar fheabhas acu go h-am luí ! Cé hé seo? Nach bhfuil sé naofa i gcosúlacht !! StellaÊMaris TáÊ léitheoiríÊ deÊ dhíob- háilÊ faoiÊ choinneÊÊÊÊÊÊ AifreannÊ aÊ deichÊ iÊ dTeachÊ PhobailÊ StellaÊ MarisÊagusÊmáÊtáÊsuimÊ agatÊaÊbheithÊpáirteachÊ annÊ cuirigíÊ isteachÊ bhurÊn - ainmneachaÊdoÊ ChéimÊ AniarÊ leÊ bhurÊ dtoil. CAMPAÍÊÊSAMHRAIDHÊÊCHÉIMÊÊANIARÊÊ2006 Tá dhá Champa Samhraidh á n - eagrú ag Coiste Céim Aniar i mbliana do na páistí bunscoile idir 6 agus 12 bliana d’aois, ceann i mí Iúil agus ceann i mí Lúnasa. Beidh an dá Champa seo foscailte fosta do pháistí cuairteoirí ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad ar saoire i nGaeltacht Ros Goill. Seo iad na dátaí : LuanÊ3Ê – ÊAoineÊ7ÊIúilÊ2006Ê10amÊ – Ê3pmÊgachÊlá.Ê Luan14 – AoineÊ18ÊLúnasaÊ2006Ê10am – 3pmÊgachÊláÊ IonadÊ:ÊClubtheachÊChumannÊLúthchleasÊGael,Ê NaÊDúnaibh Beireadh na páistí lón leofa. Beidh costas de €35 do gach páiste don seachtain. Beidh na hábhair uilig déanta tré mheán na Gaeilge agus tá réimse leathan imeachtaí á phleanáil amuigh faoin spéir agus taobh istigh. Tá muid ag pleanáil imeachtaí fosta cupla lá gach seachtain i rith Mí Iúil agus Mí Lúnasa do na páistí atá mar pháirt don Tionscnamh Pleanála Teanga. Cuirfear eolas chuig na tuismitheoirí faoi seo go lu- ath. LeÊd’áitÊaÊchurÊinÊáiritheÊagus/nóÊleÊtuilleadhÊeolaisÊ aÊfháil,ÊcuirÊscairtÊarÊFíonaÊnóÊCaitlínÊagÊ9154830. An Chéad Chomaoineach

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3