Guth Ghoill, Eagrán 10
Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 Cúpla Seanfhocal Is mac duit do mhac go bpóstar, ach is iníon diut t iníon go dtéigh sí sa chré. Bíonn caora dhubh ar an tréad is gile. Is minic a ghearr teanga duine a scornach. An áit a mbíonn mná bíonn caint agus an áit a mbíonn géanna bíonn callán. Na ceithre rud is measa amú; Ceann tinn, béal seirbh, intinn bhuartha, agus póca folamh. An Naíonra Beidh Naíonra Dhiarmada agus Ghráinne ag tosú suas arís i ndiaidh an tsamhraidh i Mí Mean Fómhair. Is deis í seo ag páiste bunús fíor mhaith Gaeilge a fháil sula dtosaíonn siad ar an bhun scoil. Má tá suim agat áit a eagrú do do pháiste buail is- teach chuig Céim Aniar nó cuir glaoch orthu ag 074-9154830. Ar Muir Agus Ar Mórthír. Luaigh muid in eagrán eile de Guth Ghoill go raibh sraith scéalta scríobhtha ag Seán Mac Pháidín nó Jack mar ab fhearr a bhí aithne againne air, fear a chaith a shaol ag teagasc sa cheantar seo agus go raibh an teaghlach ag obair chun iad a chur i gcló. Tá na scéalta curtha in eagar ag Míchéal Mac Aodha, múin- teoir a chaith páirt mhaith dona shaol ag teagasc i gcuideachta Jack. Sraith de scéalta atá ann a scríobh Jack i 1991 atá roinnte ina dhá chuid: Cuid 1 a bhaineas leis an fharraige agus Cuid 2 a bhaineas leis an mhórthír. Tá tragóidí, imeachtaí, carachtaraí agus an teanga sa cheantar ina measc. Bhéarfaidh na h-ainmneacha seo blas díobh ar na cinéail scéalta a bheas ann: Cuid 1Ar Muir. Oitir na gCorr 1800 Mallacht an Albanaigh 1818. Tragóid na gCurach 1848. Tréan Gnoithe ar na Cladaigh. Anton Rua agus an ‘Carraig Airt’ Pádraig John Phaidí. Na Bradáin Mhealtacha 1927. Na Diúlaigh Meidhreacha. Géarbhach Gaoithe Rinn a ‘ Fachlaigh 1932. Cuid 2Ar Mórthír. Doimnic Ó Domhnaill 1700—1793. Na Séideáin Ghainimh.1783—1785. An Mairtíreach Óg 1843. An Tiarna Liatroma 1806—1878. Na Naochaidí agus na Fichidí Corraitheacha. Oid Fheis Mhíobhaigh 1927. Coimisiún na Gaeltachta. 1925. Staid na Gaeilge i láthair na huaire. Níl amhras ná go gcuirfidh an leabhar seo go mór le scéal shóisialta an cheantair. Dar ndóigh beidh neart pictiúirí san fhoilseachán chomh maith agus tá Ciarán mac Jack ar a dhícheall faoi láthair chun achan rud a ullmhú don fhoilsitheor. Tá súil againn go mbeidh an leabhar againn in aiciorracht. Rosceoil Beidh an grúpa Rosceoil ag buaileadh ceoil achan oíche Dé Aoine sa Síbín Ceoil agus achan oíche Déardaoin sa Réalt Thuaidh i rith an tsamhraidh. Is grúpa é seo ina bhfuil scoth na gceoltóirí ón pharóiste ag buaileadh ann gan trácht ar na hamhránaí galánta ina measc. B’fhiú díobh oíche nó beirt a chaitheadh leo agus go hairithe má tá daoine ar cuairt agaibh ag an am seo den bhliain seolaigí iad i dtreo an cheoil mar níl a shárú faoin áit.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3