Guth Ghoill, Eagrán 10

Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 Doire a ‘Chasáin Mór (ar leanstan) Giota beag siar an bealach tá teach Donn John Thuathail. Gréasaí a bhí ann agus thagadh da- oine as gach cearn chuige, lena gcuid bróga a fháil bonnaithe. Bhí an teach sin druidte suas le bliantaí, ach tháinig mac do Chonchubhair Donn ’na bhaile sna bliantaí deireanacha seo agus rinne sé suas an teach. Tá sé fíor - ghalánta clann an mhuintir a d’imigh a fheiceáil ag pilleadh ar ais ar an tsean - fhód. Tá teach Ned Thuathail ar an taobh chéanna den bhealach mhór. Phós John Peggy Shields as an Ghleann. Tá Peggy agus an clann ansin i gcónaí, ach tá John marbh le cúpla bliain mhaith anois. Thosaigh John ag búistéireacht nuair a tháinig sé na bhaile ó chabhlach farraige an chogaidh dheir- eanaigh, áit ar bronnadh an “King George Cross” air de thairbhe é eitleán de chuid na Gearmáine a scaoileadh go talamh. Fear deas cairdiúil, greannmhar, modhúil, múinte a bhí ann, ach mar a léirigh sé, cróga agus misniúil chomh maith. Ar an taobh eile den bhealach mhór bhí trí theach – Teach Neití Neilí, Teach Jimmy Mhicí agus teach Hannah John Chaitlín. Bhí ballóg theach Hannah John Chaitlín ansin go dtí le goirid. Is le Charlie Mac Íomhar an áit anois, agus tá teach úr tógtha aige ann. Tá teach Neití Nellí ina theach mór dhá stóir. Biddy Coyle a bhí ar bhean Neití agus bhí naonúr clainne acu,mar bhí, Paidí, Ned, Den, Johnny, Aeneas, Hughie, Anton, Mícheál agus Mary Ellen. Bhí Mary Ellen pósta ar Hughie Haughey, nia do chuid Mharcuis Rua, agus bhí iníon amháin acu – Philomena. Tá sí ina cónaí i mBaile Feith, ach caitheann sí neart ama anseo fosta. Bhí sio- pa ag Mary Ellen stocáilte le gach seoirt earraí a bheadh a dhíth ort. Ach mo léan, níl siopa fá’n áit anois. Ansin tá teach Jimmy Mhicí. Teach Mór imirt cártaí i n - am amháin (mar a bhí Teach Hannah Chaitlín fosta). Bhí Máire Jimmy Mhicí pósta ar Myles Gallagher as Carraig. Tá Máire (Jimmy Mhicí) ina cónaí sna Dúnaibh anois, agus an seanteach druidte suas, ach tá teach deas úr tógtha ag iníon Mháire, ‘sé sín, Máire Fahey, nó “an Breitheamh” mar a thugaimid anois uirthi. Is cúis bhróid dúinn duine dár muintir bheith ina breitheamh. Tá beirt mhac eile ann, mar tá, Josie i Sásanna, agus Andy i gCalifornia - ceoltóir an - mhaith. Bhí Mac eile acu, Myles, an fear a b’óige. Fuair seisean bás cúpla bliain o shoin agus gan é ach óg. Siar, ag tarraingt ar an Bhaile Úr, tá teach Tony Den Anton atá pósta ar Bhiddy Hughie Den. Thóg siad an teach seo ins na seascaidí. Ta beirt clainne acu, Máire Bríd agus Anthony. An Baile Úr

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3