Guth Ghoill, Eagrán 10

Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 Is dóiche gurb iad na sean - bhallogaí atá le feiceáil anois iadsiúd a bhí úr san am a tugadh “An Baile Úr” ar an chuid seo de Dhoire a’ Chasaín Mór. Ós coinne theach Frank Bhoy nó teach Bhernie Frank, tá ballóg Theach Bhoy. Marcus an t - ainm baiste a bhí ar Bhoy, agus níl fhios tuige ar tugadh “Boy” air ach is léir go raib sé ina “Lad”. Bhí Boy pósta ar dhuine de mhuintir Frank (O’Buadhaigh) as Dumhaigh. Bhí ochtar clainne acu, John, Marcus Frank, Brianí, Nóra, Gracey, Katie agus Máire. Bhí deirfiúr ag Boy a raibh Máire uirthi, agus bhí sí pósta ar Mhicí O’Canainn ar an Ardbán. Phós Frank Bhoy Hannah Conchubhair Rua as Baile an tSléibhe agus bhí ochtar clainne acu, mar bhí, Biddy, John, Mark, Conn, Francis, Ber- nie, agus beirt ghirseach bheag a fuair bás ina naonáin – Nóra a bhí ar an bheirt acu. Phós Francis Katie Nic Rodaigh as an Ardbán. Tá naonúr clainne acu agus chónaigh siad uilig ar an Ardbán, ach fuair Francis bás cúpla bliain ó shin. Bhí siopa ag Mark a fuair bás ins na caogaidí. Ba ghnáth le h - imirt cártaí a bheith ann san oíche agus earraí ón siopa ann mar dhuaiseanna. Níl fágtha den chlann anois ach Bernie agus é ina chónaí ar an Bhaile Úr i rith an ama. Tá ballógaí sheanteach John Nothaí, teach Jim- my Shisile, Teach Mhicí Bhig, uilig ansin i ngar do theach Bhernie Frank agus teach Hardy. Fu- air Hardy bás sna seascaidí. Teach John Nothaí Bhí John Nothaí pósta ar Bhríd John Ruaidh, deirfiúr do Ned John Ruaidh. Seachtar clainne a bhí acu. Biddy agus Neilí a chuaigh go Meiriceá, agus a fuair bás ann, Máire a bhí pósta ar Hughie Mhanuis i nDumhaigh, John Nellis, Ned agus Charlie. Bhí Ned pósta ar Fanny Phaidí John Phaidí agus iníon amháin acu, Bridie. Tá sise pósta ar Éamonn Mhicí Ned Ruairí agus tá siad ina gcónaí sna Dúnaibh agus beirt déag clainne acu. Bhí Charlie pósta ar Mháire John Eoghain agus

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3