Guth Ghoill, Eagrán 10

Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 bhí beirt mhac acu, James agus John. Tá John ina cheannaire ar an INTO. Cúis bhróid eile do Dhoire a’ Chasáin. Teach Hardy Bhí Hardy pósta ar Mhinnie Ferry as an Chaiseal, ach chá raibh teaghlach ar bith acu. Fuair sé bás sna seascaidí. Teach Jimmy Siosalach Teach Mhicí Bhig Bhí beirt mac ag Micí Beag agus iníon amháin, Neití, Micí agus Máire. Phós Neití deirfiúr do Bhonaí Bheag as an Mheall Mhór. Fuair sí bás óg agus d’fhág ceathrar de theaghlach ina di- aidh, siad sin, John, Micí, Katie agus Máire. Bhí Micí agus Neití ina gcónaí le chéile ansin, go dtí go bhfuair siad bás ’sna caogaidí. Teach a bhí i dteach Mhicí Bhig, mar go leor tithe eile san áit, a thugadh dídean do lucht an tsiúil fadó. Bhí fear siúil amháin ann a thagadh go rialta – “O Malley” a thugtaí air. Chuirtí lea- ba chocháin sa chlúdaigh dó, áit a gcodlódh sé go srannfach go maidin. Deirtear gur máistir scoile a bhí ann - O Malley, a briseadh as a phost, de thairbhe é a bheith ró thugtha don ólachán. Seo an seort rud a raibh Séamus Mac Giolla Bhríde ag tagairt dó “and then to see prepared for me, a shakedown by the wall” – san amhrán chliúiteach sin “the Homes of Donegal”. Teach Mharcuis Bhig Tá teach Mharcuis Bhig ar an taobh thall den bhealach, cúpla céad slat o theach Bhernie Frank. Deartháir do Charlie Harley as Baile an Mhullaigh a bhí i Marcus. Phós sé Sisile Hughie Den as Dumhaigh. Bhí seisear clainne acu agus iad uilig ina múinteoirí scoile. Tá Marcus marbh le fada, ach tá Sisile ina cónaí ansin go fóill agus í ós cionn deich mbliana ’s ceithre scór. Tá teach Nellis mar a ba ghnáth linn a thabhairt air cúpla slat ó theach Frank ach díoladh é agus is le Hamilton as Albain é anois. Fágann sin teach Sheáin Mhóir thiar ar Chnoc an

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3