Guth Ghoill, Eagrán 10
Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 Dúin. Bhí sé ina chineál lárionad don cheantar i bhfad ó shin, mar is ann a bhí an siopa breá. Ba ghnáth linn dá mbeadh pingin againn, ag sos lóin na scoile, ’ghabhail anonn tigh Sheáin Mhóir fá choinne losaingéirí (gheofá dhá cheann ar phingin amháin). Sally a bhí ar bhean an tsiopa. Chá raibh Sally pósta. Bhí neacht di ina conaí leí – Sarah. Phós Sarah Johnny Doherty, ach fuair Sarah bás an - óg. Bhí ceathrar clainne acu, Bairbre, Terence, Eileen agus Máire. Chuaigh siad uilig ag múinte- oireacht agus fuair Sally agus Johnny Doherty bás. Dálta achan siopa eile san íochtar, nuair a chuaigh an daonra i meath, creidim nach raibh sé ag déanamh gnáithe ró - mhaith ina dhiaidh sin. Cibé ar bith níl siopa Sheáin Mhóir ann níos mó, an áit díolta, doras dúchasach eile dru- idte agus gan fágtha ach cuimhneacháin. Siopa Marc Frank Cuimhneacháin phléisiúracha olla, boladh agus blas na losaingéirí sin nach n - imeoidh a choíche as intinn agus anam, seandaoine ag machnadh agus ag samhlaíocht siar ar an lane faoi Chnoc an Dúin, páistí ag pilleadh ar scoil. Seo mar a bhí Doire a’ Chasáin Mór sa tsean - am. Bhí craic, ceol, comhrá, cuideachta, cairdeas, cumadóireacht, réacáil, imirt cártaí, curadóireacht, léann, trachtal agus creidim, leo- ga, troid ann. Chá raibh morán airgid ann ach luamar trí shi- opa, muileann mine, áithe aoil, cumadóirí, ceoltóirí agus gréasaí bróg – ach d’imigh sin agus tháinig seo – Sea! Caide a tháinig? Bhféidir go scríobhfadh duine d’aos óg Dhoire a ’Chasáin Mór cuntas ar an áit mar atá sé anois. Beidh muidinne i nGuth Ghoill ag fanacht go dóchasach leis an chuntas sin, don chéad eagrán eile. Ba mhinic a shiúil muid thart le Coláiste Ros Goill inár n-óige agus sa lá atá inniu ann ti- omáineann muid thart agus gan morán aird ná amhail againn ar an stair agus an cúlra a bhaine- ann leis an áit. Bhí sé ina sheasamh ansin dí- omhaoin go leor ar feadh na mblianta taobh amuigh de roinnt seachtainí i rith an tSamhraidh. Is dócha go dtiocfaí a rá go bhfuil sé ina sheas- amh ansin mar shiombail do Ghaelachas an cheantair san am a chuaigh thart. Is trí thimpist ar dhóigh go bhfuil Céim Aniar lonnaithe ansin anois ach tá sé spreagúil go bhfuil beocht sunta- sach arais i bhfoirgneamh nach ndearna a dhath le blianta ach de shíor ag cur i gcuimhne dúinn an saibhreas iontach ó thaobh teanga agus cultúir de a bhain leis an cheantar seo. Tá achan sórt imeachtaí ó cheann ceann na seachtaine ar siúl ansin anois –iad ar fad i nGaeilge agus is as atá an tionscnamh pleanála teanga á phleanáil, a eagrú agus á stiúradh. Níl sé de dhánacht i nduine ar bith a bheith ag maíomh go mbeidh cúrsaí
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3