Guth Ghoill, Eagrán 10
Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 Gaeilge a choíche mar a bhí siad, go mbeidh rudaí mar a fuair Séamus O Raghallaigh iad trí scór bliain ó shin.Ní fhanann rudaí seasmhach, athraíonn rudaí ó ghlún go glún ach ní hionann sin is a rá go dtiontaíonn muid ár ndroim ar chuile rud. Ní féidir an ceangal idir teanga agus féiniúlacht a dheighilt agus tá an ceangal seo leis an choláiste tábhachtach. Tá sé dhá bhliain déag ó shin anois ó rinneadh Iub- haile Órga an choláiste a cheiliúradh. Comhaltas Uladh a chur an coláiste ar bun i 1944 chun cúrsaí Samhraidh a reáchtáil do dhaoine fásta --- do mhúinteoirí agus d’ábhar múinteoirí a bhí gníomhach i gcraobhacha an Chomhaltais. Bhí coláiste a dhith orthu i gceantar nach raibh páistí scoile ar bith ag tarraingt air. B’é Séamus Ó Raghallaigh, fear ó Bhéal Feirste agus fear a chaith neart bliantaí ina chónaí ar an Mhuirleog ina dhiaidh sin, a roghnaíodh chun tabhairt faoi seo. Is ar an cheantar seo a leag sé a shúil agus rinneadh an chéad chúrsa a reáchtáil i Ros Goill i Samhradh na bliana 1944. Ní raibh an choláiste ansin ag an am agus mar sin de bhí na ranganna ar siúl i Scoil Dhoir ‘N Chasáin. Tosaíodh ar an choláiste a thógáil i Mí Meán Fhómhair 1951 agus rinne an Taoiseach Éamon De Valera é a oscailt go hoifigiúil i Mí Iúil na bliana 1952. Dar ndóigh ba lá bródúil a bhí anseo, ní amháin do Chomhaltas Uladh ach do bhunadh na háite chomh maith. Thart fá 8000 a chosain sé an choláiste úr a thógáil ag an am. I Scéal Choláiste Ros Goill a foillsíodh do cheiliúradh Iubhaile Ór- ga an Choláiste i 1994 dúirt Séamus Ó Raghal- laigh ina alt ‘ Le linn an cheiliúrtha tá sé nadúr- tha agus intuigthe daoine bheith ag amharc siar agus a bheith bródúil as a bhfuil curtha i gcrích acu. Ní leor bheith ag amharc siar amháin. Caith- fidh muid bheith ag amharc amach fosta. Mar deir an seanfhocal: ‘Is fearr amharc amháin romhat ná trí amharc ar do chúlaibh’ agus leoga nach aige a bhí an ceart ach san am chéanna tá amanna ann a dtabharann an amharc siar an spreagadh atá riachtanach. Coláiste Ros Goill. Ceanntar Ros Goill Ros Goill ! Ros Gaedhealach ! Ros atá chomhair a beith ina oileán eadar Cuan na Long agus an Mhaol Ruadh, fiche míle amach ó Leitir Ceanainn……druim mór carraigreach ag gobadh amach san fharraige agus ascaillí ag na bhun de thalamh mhaith. Tá Ros Goill ar ait comh h-áluinn agus atá i dTír Chonaill. Tá radharcannaí sliabh agus fairrge ann, radharcannaí cuan agus traigh a tharraingeas na mílte ó chéin agus ó chomhgar lena bhfeiceáil. Gabh amach, lá breagh samhraidh, an bealach a theid thart ar an ros, amach as na Dúnaibh fríd Doire an Chasain go Dúbhaigh ; amharc tamall ar Thraigh na Rosann sínte go suaimhneach thíos fut ; suas annsin fríd Mhiodhbhuidhe go bhfeicidh tú an Mhaol Ruadh ag síneadh isteach uait go Log an
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3