Guth Ghoill, Eagrán 10
Eagrán a 10 Mí Meithimh 2006 An lá a osclaíodh an choláiste go hoifigiúil bhí an t-alt seo san chlár oifigiúil don lá. Cur síos álainn atá ann ar an cheantar. Nach mbeadh sé peacach an áilleacht seo a mhilleadh? TráthÊnaÊgCeist. Bhí tráth na gceist a reachtáil againn i mbliana ó Feabhra 16ú go dtí Aibreáin 13ú. Bhí lúcháir orainn gur ghlac an oiread sin foirne páirt sa tsraith agus go háirithe gabhaimid buíochas leis na foirne sin a bhí ansin achan oíche ag coraíocht leis na ceisteanna. Tá shúil againn gur bhain sibh uilig sult as an rud agus go mbeidh sibh arais linn. Bhí an babhta deireanach ann Déardaoin 13ú Aibreáin sa Síbín Ceoil. B’é Teach Tabháirne Shuss an bu- aiteoir an oíche sin agus b’é Ostán Charraig Airt a bhuaidh an comórtas iomlán. Oileáin. Tá turas tugtha agat thart ar an ros, agus chonaic tú ann radharcannaí a fhanochas i do chuimhne flad ‘s a bheas cuimhne agat, agus a bhearfas ar ais arís agus arís eile don chuimhne an ailleacht sin a bheir suaimhneas do intinn an duine agus a chuireas gliondar ar a chroidhe i nduibheagán an Gheimhridh féin. Gabh suas lá gréine, má tá tú acluidhe, go barr Gháine ; amharc soir thar an Mhaoil Ruaidh ar Fhanaid ; siar thar Cuan na Long ar na hArdaibh agus ar an Mhucais ; amharc amach siar ó thuaidh ar Chorrran Beinne Mór agus ar Chorran Beinne Béag ina seasamh ina stacain dubha mar bheadh dhá fhaireachan ann ar cheanntar a dtugadh áilleacht ar leith do nach dtugadh do mhorán áiteach eile. Amharc ar sin uilig go mbeiridh an áilleacht greim dlúth docht ar do chroidhe agus ar do intinn, greim nach scaoilfear le do bheo, greim a tharronas ar ais thú bliain indiaidh na bliana go Ros Goill áluinn aerach. Tuigfidh tú annsin cad chuige ar tearc áit, fiú amháin í dTír Chonaill na n-iliomad ball áluinn a shásuigheas an té a d’amharc uair amháin ar Ros Goill. Tá sé sa tseanchas gur as Goll Mór Mac Moirne atá an áit gortha agus gur annseo a rinne sé and troid dheireannach sin le Fionn a thug a bhás. B’éigean do Gholl teicheadh. Thug sé léim amach ar charraig mhara atá thoir ag tóin Ros Goill. Mar a dubhairt sé féin, “Deich lá fhichead beo gan biadh, Tearc neach bhí romham ariamh, Ag ól an tsaile sheirbh ruaidh Ag ithe fraochoige fliche fuaire.” Ar an charraig sin a fuair sé bás. Airgead sa bhreis ar bith a bhí againn, chuir muid é leis an airgead a thóg Fio- na agus Caitlín ag an Mhaidin le Caife as Gaeilge a bhí acu, agus bhronn muid 600 Euro ar Gharda Cósta na Maoil
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3