Guth Ghoill, Eagrán 11

Eagrán a 11 Mí Iúil 2006 Níl contae in Éirinn níos deise na thú, Níl daoine sa domhan mhór níos mó a fuar cliú, Ná mar tá i dTír Chonaill abhus agus thall, Ó grá geal mó chroí thú, mo shean-Dún na nGall. An Seó Mór. Ar an Luan an 12ú Meithimh chuir Scoil Naomh Bríd na Dúnaibh agus Scoil Cholm Cille Duibh- lin Riabhach, le comhoibriú ó Céim Aniar, An Seó Mór i láthair i gColáiste Gaeilge Ros Goill ag a hocht a clog tráthnóna. Rang 1+2 Scoil Cholm Cille— Na Trí Béar- Rang 1+2 Scoil Naomh Bríd—Custer agus an Capall Mire. Rang 3+4 Scoil Cholm cille—Marcus Ó Mars Rang 3+4 Scoil Naomh Bríd—Labhraidh Loingseach. Tháinig na sluaite an oíche sin leis na páistí a fheiceáil agus bhí an halla plódaithe le daoine. De réir cosúlachta bhain achan duine sult as an oíche agus tá lúcháir orainn faoi sin, mar chuir na páistí lear oibre isteach sna drámaí. Thug na múinteoirí lear tacaíochta don tógra, Eileen Nic Giolla Bhríde, Bríd Nic Giolla Chomhaill, Micheál Mac Laifeartaigh agus Siobhán Ní Ghallchóir i nDuibhlinn Riabhach agus Máire Armitage, Nu- ala Nic Gairbheith, Maura Nic Laifeartaigh agus Bríd Ní Bheirn sna Dúnaibh. Gan an cineál sin tacaíochta ó na múinteoirí ní bheadh Seó Mór ar bith ann. Táimid an-bhuíoch fosta do Natalie a rinne lear oibre ar na damhsaí dúinn, agus Fio- na MacNutt agus iníon Mháire a rinne an-obair ar na cultacha don dráma Custer agus an Capall Mire. Chíonn sibh ó seo gur obair foirne atá ann agus tá brón orainn go bhfuil muid ag cailleadh beirt ón fhoireann. Mary Armitage ó Scoil na nDúnaibh agus Micheál Mac Laifeartaigh ó Scoil Dhuibhlinn Riabhach, agus mar a dúirt an fear úd “go n-éireigh an bóthar leo” cibé cén treo atá bóithre a saoil sínte. Bronnadh Teastas ar na páistí uilig ar son an sár-obair a rinneadar. Duine ar bith a chonaic an Seó Mór tá a fhios acu anois go bhfuil caighdeán maith aiste- oireachta agus Gaeilge ag na páistí agus tá súil againn go gcuirfidh siad feabhas ar an chaighdeán sin achan bhliain mar is cinnte go bhfuil T.G.4 agus Hollywood ag fanacht ar chuid acu.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3