Guth Ghoill, Eagrán 11

Eagrán a 11 Mí Iúil 2006 Scéal : In Ainm an Rí. Ê “Daithí, an ndéanfaidh tú tréimhse oibre oíche ar an tseachtain seo chugainn?” adúirt an tUasal Watts, bainisteoir óstán Ros na Binne, suite sna Dúnaibh ar bhruach Chuan na Long in Iar-Thuaisceart Thír Chonaill. “Maith go leor” a d’fhreagair Daithí Mac Giolla Choinne, an poirtéir, rud beag fríd a chéile, os rud é gur ghnáth leis tréimhsí lae a dhéanamh i gcónaí. Ach ba é an tUasal Watts an bainisteoir i ndeireadh na dála. Ba leis an 5ú Iarla Liatroma, Charles Clements an t-óstán seo a bhí suite i leithinis Ros Goill, idir Chuan na Long agus Cuan na Maoile Ruaidhe. Ba é an duine gníomhach ag tús na bliana seo 1913 mar bhí sé ar dhuine de na ‘Anti-Home Rulers’ is mó i dTír Chonaill. Ar an oíche Mháirt dar gcionn, i dtrátha an haon a chlog ar maidin, nuair a bhí an duine deireaneach de na haíon- na ar shiúl a luí agus nuair a bhí foireann oibre an bharra ar shiúl ‘na bhaile, rinne Daithí Mac Giolla Choinne turas thart ar an óstán. i ndiaidh deimhniú go raibh doirse agus fuinneoga glasta agus achan rud mar is cóir, shuigh sé síos ar chathaoir chompórdach agus mar is gnáth do phoirteirí oíche, thit sé ina chodladh. Níor chodlaigh sé ró-fhada, áfach, nuair a mhuscail sé de gheit, agus an bhainisteoir ina sheasamh thairis. Ba lú a eagla ná a iontas áfach, nuair a thug an bhainisteoir comhartha dó é a leanúint agus a mhéar ar a liobar. Chuaigh siad síos dorchla beag dorcha ar chúl an óstáin ar a mbarraicíní go dtí gur stad siad ag doras oifige, áit a raibh gag beag solais le feiceáil ag bun a’ dorais. Chnag Watts go héadrom ar an doras agus hiarradh orthu is- teach i nguth íseal. Má bhí iontas ar Mhac Giolla Choinne roimhe seo, leath a bhéal le hiontas anois nuair a chonaic sé an 5ú Iarla ina shuí ag an tábla i gcuideachta fir eile. Cé nach raibh fhios aige a ainm bhí fhios aige gur tiománaí an Iarla a bhí ann. Ba mhí-choitianta an rud é an bhainisteoir a fheiceáil i ndiaidh a deich a chlog san oíche ach bhí sé thar a bheith ait an úinéir a bheith anseo i lár na hoíche. Caidé a bhí ag dul ar aghaidh ar chor ar bith? Thug an tiarna talún cuireadh dóibh cathaoir a tharraingt aníos, rud a rinne Mac Giolla Choinne go neirbhíseach agus d’éist sé nuair a thosaigh an tIarla ag labhairt. “A fhearaibh, labhairim libh anocht mar chomh-ionannaí i mbraithreacht na hAontachta. Ta muidne insan chuid seo de Ríocht Aontaithe na Breataine agus na hÉireann i mbaol bocht. Deireann ár gceannaire uasal, Edward Carson gurb ionann Rialtas Dúchais agus Rialtas Ró- mhánach. Má théann lucht an Fhéin Rialtas i mbarr ré- ime, brisfear an tAontacht go deo agus tá fhios againn caidé’n toradh a bhéas ar sin. Caillfidh muid ár maoin, ár saoirse agus fiú amháin ………. “ stad sé chun éifeacht a thabhairt dona chuid focla, “fiú amháin ar mbeatha!” arsa sé. “Tá ár ndaonlathas i gcontúirt ach tá mise ag dul a chur moladh os bhur gcomhair a chuirfeas bac ar an chontúirt sin, le cuidiú Dé. Ach ar dtús bheirim cuireadh d’achan fhear anseo mionna a ghlacadh nach labhairfidh sé fá’n méid a chluinfidh sé anseo anocht”. I ndiaidh dóibh uilig mionna a ghlacadh ar an Bhíobla ag críochnú leis na focla “In ainm an Rí!” leag sé amach an plean. D’éist Mac Giolla Choinne ar feadh dheich mbomaite eile le huafas ina chroí fá’n ollbheart a bhí leagtha amach ag an Iarla. Bhí sé de rún aige gunnaí agus armlón a h-allmhairiú ó Cheantar Lár na Breataine chun chur in éadan lucht an Rialtas Dúchais! Chuir dánacht na scéime mearbhall air agus ba léir dó nár inniu ná inné a beartaíodh seo mar go raibh cuid mhór saothar déanta cheana fein: Bhí teangmháil déanta le hionadaíthe lucht dhéantus na n-airm; bhí slite thar muir agus tír oibriste amach go cúramach agus os rud é go raibh soitheach farraige mór ag an Iarla, an SS Ganiamore , chuideodh seo go mór le h-allmhairiú na n-airm. D’amharc sé thart ar an tábla. Bhí aghaidh agus súile an Iarla ar lasadh le díograis. Bhí Watts ‘ar nós cuma liom’ mar dhea, ach bhí a chorp righin le díochracht. ‘Tá an bheirt sin de’n mheon chéanna’, a smaoinigh sé. Cé go raibh bá aige le cuspóirí an mhuintir os a chionn ní raibh a dhíograis chor a bheith ar chomh-chéim leo. Bhí sé amhrasach fá’n ti- ománaí. Níor dhóigh leis go mbeadh sé páirteach in scéim mí-dhleathach macasamhail allmhairiú airm do lei- thidí Óglaigh Uladh. An ea fostaíocht nó sábháltacht a bhí i gceist? Ní raibh gá cur i gcuimhne d’éinne thart anseo caidé chomh gann is a bhí postanna, go háirithe togha post mar thiománaí. An raibh airgead i gceist? An mbeadh airgead i gceist? Má bhí Mac Giolla Choinne ag éirí mí-shuaimhneach fá’n bhealach a bhí rudaí ag dul, bhí scéin ag teacht ar an ti- ománaí. Seo é, ámharach go leor go raibh togha na hoi- bre aige agus a chairde uilig dí-fhostaithe. Ba dhear- cadh dóchasach, sonasach, gan smúid a bhí aige ar an saol go dtí seo ach anois nach é an drochthuar a bhí os a chomhair? Chonaic sé croisbhealaigh trí bhóthair roimhe: Síos bealach amháin bhí dí-fhostaíocht, cruatan, buaireamh agus imirce. Siar an bealach eile, bhí contúirt: Coinní an mheánoíche, comhcheilg, gabhadh agus príosún da dteipfeadh orthu. Dá n-éireodh leo caidé a bhí i ndán? Bheadh siad ag cur airm i lámha dream an-chontúirteach, le cogadh cathartha agus doirteadh fola mar thoradh ar a saothar. Bhí sé idir dhá stól. Macasamhail Mhic Giolla Choinne, níor chuma leis fá’n pholaitaíocht. Ba é an teacht i dtír dó fhéin agus a theaghlach is mó a chuir de. Ach caidé’n rogha a bhí

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3