Guth Ghoill, Eagrán 11

Eagrán a 11 Mí Iúil 2006 aige? D’fhéadfadh an tIarla cibé cuidiú a bhí a dhith air a fháil imeasc na n-oibrithe ar eastát Manorvaughan s’aige fhéin ar bhruach na Maoile Ruaidhe ach bhí eagla air go dtabhairfí fá deara triúr a bheith as láthair ag an am céanna. Ba rud nádúrtha go leor é go rachadh bainisteoir an óstáin ar shiúl ag ceannach troscáin, le cúpla duine le cuidiú leis, mar ba seo i ndairíre an cleas trína raibh siad chun na hairm a allmhairiú. Mar sin nuair a sheol an SS Ganiamore síos canáil chúng na Maoile Ruaidhe idir choillte eastáit Manorvaughan ar thaobh amháin agus cnoic éibhear Fhánada ar an taobh eile, oíche Mháirt an 11ú Feabhra, 1913 ní raibh rud ar bith mí-choitianta ar siúl. Bhí sé de nós aici dul go Glaschú uair sa tseachtain le lasta agus paisinéirí, a mbunús ag dul ag obair le préataí. Ní raibh cur in áirithe ar bith do phaisinéirí nó lasta ag pilleadh dí, áfach, cé nach raibh seo ar eolas ag an phobal. D’fhág na trí comhcheilgeoirí, Watts, Mac Giolla Choinne, agus an tiománaí an mhaidin chéanna, agus ta- réis doibh taisteal ó Leitir Ceanainn go Béal Feirste ar an traein, achan fhear ina aonar, thrasnaigh siad go Heysham i Lancashire ar bhád fharantóireachta de chuid an ‘White Star Line’ agus ó sin go Birmingham ar an traein, ina n-aonar i rith an ama. D’fhulaing siad turas fadálach, leadránach fríd réigiúin Iar-Thuaisceartacha Lancashire agus Cheshire agus ansin fríd talamh fásaigh súicheach, salach na bPotteries. Ba mhór an faoiseamh dóibh tuir- lingt ón dtraein ag stáisiún New St. i mBirmingham. Ag leanstan na dtreoracha a bhí acu, chuaigh siad ar bhus uimhir a 46 go dtí bruachbhaile darbh ainm Sparkbrook, áit a thuirling siad ón bhus, taobh amuigh de theach tabhairne mór an ‘Red Lion’. Shiúil siad thart an coirnéal isteach in sráid ina raibh a lán tithe stórais ach gan aon tithe cónaithe ann agug tháinig siad ar leoraí 10 dtonna a bhí fágtha ansin fána gcoinne. Bhí socrú déanta roimhré go mbeadh na heochracha folaithe i bprochóg faoi’n roth spárailte. Agus na heochracha faighte acu, léim siad is- teach agus ar shiúl leo chuig a gcéad ceann scríbe - mo- narcha déantús troscán i mbaile Solihull i ngar dóibh. I ndiaidh do na driosúireacha bheith curtha ar an leoraí agus iad ar a mbealach ar ais go teach stórais darbh ainm ‘Staffordshire Potteries’ i gceantar ‘Small Heath’ Birmingham, mhothaigh siad splanc beag san atmasféar i gcabán an leoraí. Bhí sé leath i ndiaidh a seacht tráthnóna um a dtrátha seo agus dorchadas na hoíche orthu. Bhí cuma thréigthe ar an áit ach nuair a bhuail siad ar an chlog, tarraingíodh siar gréille sa doras agus d’iarr fairith- eoir oíche grusach fios a ngnoithe i nglór doicheallach. “Do Dhia agus do Ulaidh, in ainm an Rí” adúirt Watts i nglór íseal. “Sea, Sea” a d’fhreagair an fairitheoir i gcanúint maol Birmingham, ag déanamh neamh-shuim de. Bhain sé an glas den doras, thug comhartha dóibh theacht isteach agus thug culaith for-éadaí d’achan duine acu, gan labhairt. Fuair sé barra táirní, sháigh is- teach é faoi chlár ceann de na crátaí a bhí ina shuí sa choirnéal agus nochtaigh sé an sraith uachtarach de chráta lán de raidhfil ‘Lee Enfield’. B’iúd iad ag glioscar- nach go marbhánta fríd cumhdach cosantach d’ola, rud a chur sceitimíní orthu. D’fhill an fairitheoir go dtí’na chathaoir agus thosaigh ar an ‘Birmingham Evening Echo’ a léamh – ba léir nach raibh seisean a dhul a chuidiú leo - agus thosaigh na fir ag lódáil an lasta de 300 raidhfil, 250 gunna láimhe agus bocsaí lón airm. Nuair a bhí siad críochnaithe chor a bheith trí uaire ina dhiaidh sin, bhí siad ag cur allais go fras agus ní hé amháin de bharr na hoibre! Bhí tuigbheáil an mí-dleathachas agus oll-mhéid an rud a bhí beartaithe acu ag éirí níos soiléire. Ba rud amháin a bheith ag caint agus ag pleanáil an gníomh; ba rud eile ar fad é seilbh, láim- hseáil agus iompar na n-airm. Ach ar ndóigh b’in an fáth a raibh siad ansin agus fuair a ndingbhailteacht lámh in uachtair ar a n-imní agus iad ag líonadh na ndriosúr trí ceathrú bealaigh le raidhfil agus an méid a bhí fágtha le meascán de mhin-saibh, soithí de chuid ‘Staffordshire Potteries’ agus olann chadáis. Fan am a d’fhág siad an teach stórais gruama agus a choimeadaí doicheallach agus thaistil siad trasna na cathrach le dul ar bhóthar an A1 ó thuaidh, bhí sé ag tarraingt ar an mheán-oíche. B’ábhar faoisimh dóibh an dorachadas, mar daoine tuaithe a bhí iontu agus iad cleachtaithe leis. Chomh maith le sin bhí sé ina chompord siceolaíoch dóibh mar,dar leo, gur chuir sé a ngnó contúirteach agus a lasta phléascach faoi cheilt. I gcionn dhá uair a chloig, tharraing siad ar leataobh, ghlac Mac Giolla Choinne an stiúir agus ar aghaidh leo fríd Preston agus Cumberland. Bhí siad díreach i ndiaidh bheith ag caint fá comh ciúin ‘s a bhí na bealtaí móra nuair a chonaic siad comhartha do ‘Grantham-on the-Mere’ agus dúirt an tiománaí, le scaoll ina ghlór. “Caidé sin romhainn?” Fan am a raibh sin ráite aige, chonaic siad comhartha mór eile le ‘DIVERSION’ scríofa air, i soilse an leorai agus ag a thaobh sraith de chnaipí loinnreach ar thiunic péas mór ramhar ina sheas- amh i lár an bhealaigh mhóir lena lámh in airde! Ba dhobhair do Mac Giolla Choinne taom croí a bheith aige ach rinne sé iarracht ar smacht a choinneál air fhéin agus lig an tiománaí róiste mionnaí móra as. Bhí sé ar a chumas ag Watts canúint réasúnta Shasanach a labhairt, agus tharraing sé gunna amach as a phóca agus dúirt “Glacaigí go réidh é, déanfaidh mise an chaint” Bhí an t-ádh orthu, áfach, mar ba é an t-aon rud a bhí ciotach ná go raibh tuile ar an bhealach mhór agus bhí sé druidte. Thug an péas na treoracha riachtanacha dóibh,

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3