Guth Ghoill, Eagrán 11
Eagrán a 11 Mí Iúil 2006 bheannaigh “Maidin mhaith” dóibh agus d’imigh siad leo ar a mbealach. Cé go raibh siad ag iompair na céadta gun- na agus na mílte piléir ba é radharc an ‘Webley’ i bpóca an bhainisteora a chur ina luí ar Mac Giolla Choinne comh tromchúiseach agus a bhí rudaí agus bhí pian i mbéal a ghoile aige ar feadh an chuid eile den aistear. Rinne siad a mbealach ansin comh tiubh géar ‘s a thi- ocfadh leo go dtí an clós-adhmaid ar bhruach an Clyde, clós a bhí faighte acu ar chíos agus ba orthu a bhí an lúchair nuair a chonaic siad go raibh an geata mór go leor leis an leoraí a thiomaint isteach agus go dtiocfadh leo a ngnóithe a chomhlíonadh, ar shiúl ó shúile fhiosracha ar bith a bheadh a gcoimheád. Ós rud é go raibh rudaí ag dul a mbealach, bhí spion maith oibre orthu agus bhain siad na driosúireacha troma den leoraí in leath an méid ama agus a ghlac sé dóibh iad a lódail. Shocraigh siad síos ansin, ina luí ar shacanna a líon siad le min-saibh, chun scíste agus codladh a bheith acu go dtí go dtiocfadh an bád. Fan am a ghluais an Ganiamore síos an abhainn agus chuir sí chun cé ag an chlós-adhmaid, bhí néal de mhin-cheo ag éirí ón abhainn. Chuaigh Watts le labhairt leis an chaptaen agus thosaigh na fir agus foireann an bháid ar na driosúireacha a chur ar bhord loinge. Ní raibh fhios ag na máirnéalaigh caidé a bhí sna driosúireacha agus dúirt fear amháin acu, a bhí ag gearán fán mheáchan: “Cad as a bhfuil siad déanta? Luaidhe, an ea? Agus tho- saigh sé ag gáire. Ní raibh fhios aige caidé comh cónga- rach don fhírinne agus a bhí sé! Ba dhobhair don chaptaen taom apaipleiceach a bheith aige nuair a d’inis Watts dó caidé a bhí idir lámha acu. “An bhfuil a mheabhair caillte aige?” a bhúir sé go piacanach, ag deánamh tagairt don Iarla. “An bhfuil sibh uilig ar dhearg-mhire?” a bhéic sé. “D’fhéadfadh muid fiche bliain sa phríosún a fháil ar shon seo”. “Damnú! d’fhéadfadh muid an chuid eile dár saol a chaitheamh i bpríosún!” D’fhéach sé thart ar an chabán go fianta macasamhail go raibh sé ag cuartú bealach éalaithe as an riocht gránna seo. “Coinnigh an ceann” arsa Watts go confach “tá muid ag obair ar shon Dé ’s Uladh agus in ainm an Rí agus ansin dúirt sé “agus tabharfar aire mhaith duitse” le na féidireachtaí uilig a chlúdach. Ba bheag an seort cainte seo ar an chaptaen ach de réir a chéile, idir bagairtí, plámas agus cúpla gloine fial d’uisce bheatha, thug Watts air an beart a chomhlíonadh. I ndiaidh don chaptaen guí go dúthrachtach nach dtiocfadh an Royal Navy, H.M.Coastguard, H.M.Customs & Excise, H.M.Constabulary nó H.M. Armed Forces orthu, d’aithin sé go raibh an-chuid achainí déanta aige agus le rudaí a chothromú, thug sé buíochas do Dhia ar shon an cheo agus d’imigh siad leo síos an Clyde. Chuir siad turas trí uair a’ chloig tharstu síos an Clyde agus ansin thug siad aghaidh ar An Bhinn Mhór i gContae Aontroma. Ní raibh an captaen aige fhéin i gceart go fóill, i ndiaidh an geit a bhain Watts as ach mar sin fhéin, shocraigh sé go mbainfeadh sé rud beag díoltais as ar a laghad. Mar sin d’athraigh sé an cúrsa cúpla céim, i dtreo ‘s go rachadh siad isteach i Sruth na Maoile. B’áit seo ar a raibh sean- aithne ag mairnéalaigh siocar comh garbh ‘s a bhí an fharraige, de bharr sruthanna ag teacht le chéile ann. Dá bhrí sin, ba ghnáth leo an áit a sheachaint. Ní amhlaidh a bhí sé ar an ócaid seo, áfach, agus ba mhór an sult agus pléisiúr a bhain an captaen as an radharc a fuair sé ar Watts agus a chompánaigh ag caitheamh amach thar ráille na loinge. Bhí an oiread sin lúchair air bheith ag amharc ar Watts agus greim an fhir bháite aige ar an ráille, ní mó ná go ndearna sé dearmad ar an chruachás ina raibh sé féin. De réir mar a d’imigh cósta na hAlbain as amharc agus iad ag seoladh thar chósta Thuaiscirt na hÉireann, mhúch an captaen na soilse uilig ar an long. Chomh maith le bheith mí-dleathach, rud an-chontúirteach ab ea seo, ach dar leis an chaptaen a laghad de shúile fhiosracha ag amharc ar an long ó mhuir nó ó thír ab fhearr. Long thai- bhseach a bhí intí anois ag seoladh go fáilí fríd an cheo an oíche smúid-ghealaigh seo. Chuir Watts cluas na héis- teachta air fhéin am amháin nuair a shíl sé gur chuala sé cnag éadrom rialta a bhualadh ach stad sé i gcionn tamaill ghearr agus rinne sé neamh-aird de. Ba mhór an fhaoi- seamh do na comhcheilgeoirí, a bhí bisithe rud beag fán am seo, Ceann Mhálainne a bheith ag teacht in aichear- racht dóibh amach as an dorachadas. Bhí fhios acu nach raibh Ceann Fhánada nó Ceann an Mhill Mhóir, ag béal na Maoile Ruaidhe, i bhfad ar shiúl. “Tá linn, tá linn” arsa an tiománaí le Mac Giolla Choinne agus Watts. Go luath ina dhiadh sin agus Ceann an Mhill Mhóir i ngi- orracht dóibh, tharraing Watts uaireadóir póca amach agus nuair a bhí an uair sroichte, fuair sé lampa na loinge agus rinne sé comhartha trí splanc fhada i dtreo na tíre móire. “Deánaigí deifir, deánaigí deifir” arsa sé go mí-fhoighneach, ag fanacht ar an mhuintir i dtír an freagra deimhneach a thabhairt dó. Fuair sé freagra ceart go leor ach níorbh é an ceann lena raibh sé ag dúil. Amach as dorchadas an Mhill Mhóir tháinig solas oll-mhór glégheal ina raibh solas deich míle coinneal, a las suas muir agus tír soir go Ceann Fhánada. Tháinig glór ard tríd meigeafón ó bhád a bhí ag druidim go gasta leo ó chúl Carraig na bhFrancach: “Seasaigí san áit a bhfuil sibh, in ainm an Rí!” Le caoinchead Caoimhin Mac a’ Bhaird, aistrithe aige ona leabhar ‘The Story of Rosapenna’. Achan coipcheart cosainte. ©
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3