Guth Ghoill, Eagrán 11

Eagrán a 11 Mí Iúil 2006 Glacann bán dubh, ach ní ghlacann dubh bán. An té a thabharfadh scéal chugat thabharfadh sé dhá scéal uait. Is fearr a bheith ag lorg bídh ná a bheith ag lorg goile. Báisteach ó Dhia chugainn ach gan é a bheith fliuch, Cuid an lae amáiraigh go ndéana sé anocht. Briseann an dúchas trí shúilibh an chait. Cúpla Seanfhocail: An Breithiúnas Deireanach. Ê Cuireadh an dráma An Breithiúnas Deir- eanach ar an ardán don chéad uair ar an Aoine 24ú Mí Márta 2006, sa Choláiste Gaeilge sna Dúnaibh. Bhí moltóir i láthair agus slua maith de mhuintir na háite ansin ag tabhairt tacaíochta dúinn. Bhí muid ar an ardán arís leis ar an Aoine 31ú Mí Márta i bhféile drámaíochta na Cheathru Ruaidh i nGaillimh, áit a bhfuair Ann Marie duais aisteoireachta, rud a bhí tuillte go mór aici. Bhí an t-ádh linn agus cáilíodh muid don Fhéile Náisiúnta sa Spidéal. Chuir muid é ar an ardán arís sna Dúnaibh ar an 23ú Aibreán. Thaisteal muid ó dheas ansin agus cuireadh ar an ardán é Dé Sathairn 29ú Aibreán sa Spideál. Bhí deireadh seach- taine ar dóigh againn agus cé nár bhain muid duaiseanna ar bith bhain achan duine sult as, agus dár ndóigh táimid ag súil go mór leis an Fhéile Náisiúnta ar an bhliain seo chugainn mar beidh sé sna Dúnaibh. Is onóir mhór é sin do cheantar bheag s’againne anseo in Iarthuaisceart na tíre agus beidh meitheal fathaigh a dhíth mar beidh cuidiú agus tacaíocht a dhíobháil ó achan ceathrú le sin a eagrú.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3