Guth Ghoill, Eagrán 11

Eagrán a 11 Mí Iúil 2006 Bhí spóirt agus craic againn ar an bhealach leis an Breithiúnas Deireanach agus dar ndóigh níl an turas thart go fóill. Táimid ar an ardán ar an 17ú Iúil sa choláiste dona scoláirí Gaeilge agus táimid ag fágáil na tíre móire don dara uair le dráma. Beidh gach súil ar Oileán Thorthaí tráthnóna Dé hAoine ag deireadh Mhí Lúnasa agus muid ar bharr na dtonn. Beidh dráma eile ag taisteal na mbóithre ar an bhliain seo chugainn agus duine ar bith a bhfuil suim acu páirt a ghlacaint nó cuidiú a thabhairt dúinn, ná bígí faiteach agus buailigí linn. Is dráma cúirte atá sa Bhreithiúnas Deireanach suite sa bhliain 1877 ina bhfuil fear darbh ainm Brian Mac Suibhne ar thrial. Ina éadan tá An t-Ochtú Tiarna Cromail, An Bhantiarna Cromail agus Bean Uí Cromail. Is cara don Tiarna é an Breitheamh George Alister Cambell. Amharcann rudaí olc go leor do Bhrian ag tús an dráma le achan duine ina éadan agus ní cosantóir ró mhaith atá aige de réir cosúlachta. Ach ní haingil ar bith iad na Cromailí agus de réir mar a théann an trial ar aghaidh tagann níos mó agus níos mó salachair amach. Is í Máire an cocaire an príomh-fhinné agus si- ocair gur duine beag soineanta atá inti lige- ann sí níos mó amach ná mar is main lei. Ní féidir níos mó ná seo a insint gan an scéal uilig a nochtadh ach coinnígí cuimhne “ní mara shíltear a bhítear”. Nach ndéanann caoga bliain duifir iontach?

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3