Guth Ghoill, Eagrán 12

Eagráin a 12 Samhain 2006 - 10 Mac Laifeartaigh (John Frank), Séamas Ó Gallchóir (Phaidí Mhicí) Paul Ó hArcáin agus Micheál Mac Aoidh. Bhí lá gnoitheach ag Mí- cheál ag cuidiú le daoine a dhul isteach is amach ach d’fhan sé lena phost go dtí go raibh a sá ag achan duine de na curacha. Taobh amuigh den phortach nil a dhath cosúil leis an fharraige le ocras a chuir ar dhaoine agus dhírigh muid uilig isteach ar an bhia. Bhí Máire ar na “burgers,” Cáit ar na “hot dogs” agus Tommy agus Sús ar bharbaiciú an éisc. Gheobhadh duine ar bith de na cócairí sin obair sa Ghresham gan amhras ar bith. Bhí Marian i gceannas ar thábla na nde- ochanna. Bhí tae is caifé, coke is líomanáid go leor ansin ach ní raibh beoir ar bith le fáil ag an am sin den lá. Tháinig an pháirt sin den cheiliúradh níos moille sa tráthnóna nuair a bhí na curacha curtha ‘na luí. Is ansin a bhain John agus Eunan amach na Guitars agus thosaigh ar an “Ho down” Bhain achan duine sult as an lá sin, agus, is lá fada go leor a bhí ann. Thosaigh daoine ag teacht ag a dó a chlog agus bhí siad ansin go deachaigh an ghrian san fharraige agus na guthanna in airde acu ag ceol na “Banks of Mulroy Bay.” Níl fhios agam cad é a shíl muin- tir Fhánada don chraic mar is cinnte gur chuala siadsan an ceol. Bhail, i ndeireadh an lae níl ach rud amháin le rá , agus sin é go raibh lá ar dóigh ar an taobh thoir acu an lá sin Lá Coisreacan na gcurach.  Tá éacht ó Ros Goill a bhfuil cáil air, Siar an bealach uilig go Gaoth Dobhair, Cluinfidh tú é ó Chluain tSaileach Go dté tú go dtí an Meall Mór. Ba ghaisce a bhí ann i ndáiríre Fá thuras fada mara na gcurach, Tá a gcliú ‘ nois ar fud fad na tire, Fána dturas sna curach ’ go Toraigh. Chuala daoine fá dtaobh de ar Raidió, Bhí sé ‘ stigh ins na páipéir go léir, Scéal mór leathanach tosaigh an Indó, Iad a ’ caint faoi ar Sky rith a ’ lae. Na daoine a chuaigh suas ar Mt. Everest, Nó a shiúil ar an ghealach fadó, Tá a mhacasamhail déanta araist, Ach gníomh atá ‘ bhfad bhfad níos mó. Cé a rinne an t - éacht seo gan dua, Na Fianna ná laochra na Traoi, Cúchulainn le cabhair na Craoibh ’ Rua A bhí in Éirinn ‘ s Mac Neasa ‘ na Rí. Suígí suas is tabhair aire a chairde, Nach seo scéal faoi laochra ‘ tá beo, A thaispeáin an chrógacht ab airde, A bheas i mbéal na ndaoine go deo. Tús Geimhridh a tháinig siad le chéile, Creatlach curaí do leag siad seo síos, D ’ obair siad Domhnach ‘ s féile, Seancheird tá ‘ rais againn arís. Sa tSamhradh ar dhumhcha Dhún Duáin, Na sluaite bhí glórmhar is glórach, Seoladh curach le fonn is le fuaim, Ar ócáid ‘ bhí ollásach ‘ s onórach. ‘ Nois tho- saigh an cleachtadh don turas Seacht mile dhéag a bhí ‘ gceist, Farraige throm nach mbeadh furast ’, An ‘ Taobh Thiar ’ dúirt nach seasfaí an teist. Maidin ‘ s oíche ag iomramh, Síos ‘ s aníos an Mhaol Rua, Spuaiceacha a ’ briseadh ach bhí iomrá, Gur bunadh a ’ ‘ Taobh Thoir ’ a bhí cruaidh. B ’ álainn ‘ s b ’ aoibhinn an mhaidin, I bhFómhar dhá mhíle is a sé,

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3