Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 11 Bhí an fhar- raige ‘ nois fíochmhar is fiánta, Tonnta tréana mar thithe achan taobh, Ach acusan bhí taithí na mblianta, Cha raibh ‘ dhath faoin spéir a bhainfeadh díobh? Gutháin phóca bhí siad a n - úsáid, Ag caint lena gcaird ’ ar tír mór, Ag innse faoin spraoi a bhí acu, Amuigh ar an fharraige mhór. Chuir na cairde scéala chuig cairde, Go raibh siad go buacach ag teacht, Chuaigh na mílte amach ina n - airicis, Le bheith ina gcuideachta isteach. An R.N.L.I. is heilicopters, ‘ Is bádaí idir bheag agus mhór, Shín siad ó bharr Corráin Binne Soir go Ceann an Mhill Mhóir. Teacht na ’ báighe níor ghlac sé ró - fhada, Iad uilig ar a sáimhín só, Chan a dhath an Spanish Armada, Teach fríd an Channel fadó. Don chéad uair thosaigh siad a ’ smaoiteadh, Ar vodka, chóc agus phiontaí, Anois bhí siad thar a bheith cliúteach, ‘ S ba thuras na gcurach a ba chiontaí. Anois tá achan duine fá bhaile, Slán sábháilte ar ais ar tír mór, Ag smaoiteadh ar an chéad turas eile, B ’ fhéidir go dtí ’ n Bhlascaod Mhór. Tá scéal eile dul thart a bhfuil caint faoi, A ’ dtiocfaí aithris a dhéanamh ar Naomh? Turas Cholm Cille ‘ nonn go hÍ , Nach deas a bheith abálta é mhaíomh. Níl gíog ná míog ón ‘ Taobh Thiar ’, Is dócha go bhfuil siad ite ag éad, Ach deir siad go ndéanfaidh siad curach ’, ‘ S nach mbeidh siad a dtarraingt le téad. ‘ Má théann muid ag iomramh ón ché, Go Toraigh nó na mílte i gcéin, Ní fhágfaidh muid curach ’ ’ nár ndiaidh ’, Seo an rud a dúirt siad fhéin. Na fir ag láimhseáil na rámhaí, ‘ S iad ag imeacht ón ché. Bhí na mílte ag scairtigh is ag liú, Ní fhacas a leithéidí roimhe, Fathaigh fir agus deor ’ ina súil ’, Aghaidh na gcurach i dtreo Corráin Binne. Sna curach ’ bhí óg agus críonna, ‘ S d ’ iomair siad leo gan aon sos, Go breabhsánta, beomhar,bríomhar, ‘ S na rámhaí an - ghéar ar na bois. Bhí cuid mhór rudaí ráite faoin luas, Mar bhí fir leo bhí beagainín trom, Ach bhí gáir ’ an ‘ Taobh Thiar ’ ina gcluas ’ An sruth agus gaoth lena ndroim. Shroich siad Toraigh ag ceathrú don hAon, Chuig fáilte a bhí thar a bheith fial, Béile breá blasta a d ’ ith siad, Agus leis d ’ ól siad gloinne beag fíon. Thosaigh siad ag aithris a n - eachtraí, Faraor! Ní raibh siad abálta suí, Chuir sé iontas an domhain ar Rí Thoraigh, Go raibh bunadh Ros Goill ‘ shiúl a luí. Nuair a d ’ éirigh si- ad an mhai- din dar gcion, Bhí an fharraige a ’ bagairt ‘ s a ’ briseadh, Chraith muintir Thoragh a gcinn, Ní raibh ’ n chosúlacht go mbeadh sé a ’ biseadh. Ach na stócaigh ní raibh acu aon fhoighid, De ruathar thug siad aghaidh ar an ché, Léim siad isteach ins na báid, ‘ S tharraing siad na curach ’ ‘ na ndiaidh. Le croíthe lán mórtais is bróid, Thug na fir ‘ nois a n - aghaidh ar an bhaile, Nach iontach an fháilte ‘ bheadh ann dóibh, Tinte cnámh, ceann i ndiaidh an chinn eile. Bheadh iriseoirí cliúteach ’ na tir ’ ann, An raidió ‘ s T.G. a Ceathar, Bheadh Comhairleoirí Contae s ’ ainn fhéin ann, Croitheadh lámh le gach uile mac máthar.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3