Guth Ghoill, Eagrán 12

Eagráin a 12 Samhain 2006 - 12 An Oíche Ghaelach. Bhí oíche Ghaelach sa Síbín Ceoil againn ar an Aoine an 20ú lá de mhí Dheireadh Fómhair. Oíche speisialta a bhí ann dúinn mar chuir na páistí, atá ag déanamh Agallaimh Beirte ag an Oireachtas i gcathair Dhoire, ar an 2ú lá de mhí na Samhna, na hagallaimh uilig i láthair don lucht éisteachta agus caithfimid a rá go raibh siad iontach maith ar fad. Níl amhras ar bith ná go raibh na tuismitheoirí bródúil as na páistí mar bhí sé soiléir do achan duine ansin go raibh obair mhór déanta acu agus tá shúil againn go n - éireoidh go maith leo istigh i nDoire. Taobh amuigh de na hagallaimh dúirt Ailín Pa- soma agus Marcus Mac Laifeartaigh dán agus de réir cosúlachta is iad seo beirt a mbeidh ar a gcumas na hagallaimh beirte a dhéanamh gan bu- aireamh ar bith. Bhí dán agus amhrán deas ag Laura Pasoma dúinn, duine eile a chuireann suim mhór in imeachtaí Gaeilge. Bhí lúcháir orainn fosta fáilte a chur roimh file as Carraig Áirt, Rachael Mooney. Dúirt sí dánta a chum sí féin agus cheol sí cúpla amhrán, agus cheol sí féin agus a máthair Linda an t-amhrán Éamon A’ Chnoic. Bh í an grúpa Ros Ceoil ansin fosta agus bhain muid uilig sult as an cheol. Tá muid an-bhuíoch do Sheán Ó Morónaigh príom-fheidhmeannach An Chomhlachas Náisiúnta Drámaíochta, a bhí i láthair agus a rinne moltóireacht ar na hagallaimh.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3