Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 13 Tá muid ag súil go mór leis an chéad Oíche Ghaelach eile mar gur seo an caighdeán siamsa agus cultúir a bheidh muid ag dúil leis ó seo amach. Tá Feadaímó ag déanamh iarracht Seán Mháire Den a scaoileadh saor ón bheairic i gCill Mhic nEánáin. Tá poll déanta sa tuí aige agus tá ceithre príosúnach sa seomra thíos faoi. Tá Proinsí Rua agus Conal Óg amuigh ar an tsráid ag iarraidh aire an bheirt saighdiúir atá ar garda, a choinneáil orthusan. Tá siad ag ligint orthu go bhfuil siad ólta agus iad ag ceol agus san am chéanna ag fanacht fada go leor ar shúil sa dóigh is nach n - aithneodh na saighdiúirí iad dá gcuirfí fiosrúchán ar bun i ndiaidh na hoíche. Bhí an troscán gann i seomra na bpríosúnach. Cha raibh oiread agus sean chlár acu le luí air. Ní raibh sa seomra ach urlár créafóige agus sean bhuicéad adhmaid ina sheasamh sa choirnéal agus boladh as a thiontódh muc ag dul chun an úlloird. Bhí sean bhlaincéad olla garbh ag achan phríosúnach agus d ’ iarr Feadaímó orthu beirt acu a cheangal le chéile agus taobh amháin a chaitheadh chuige. Sheas Feadaímó agus chuir sé a chosa ar dhá rachta. D ’ iarr sé ar an chéad fhear greim daingean a fháil ar an bhlaincéad agus tharraing sé leis. Ba é seo an t - am is contúirtigh dóibh agus bhí Feadaímó ag iar- raidh an obair a dhéanamh chomh tiubh géar is a thiocfadh leis. Tháinig an chéad fhear amach fríd poll an dín mar a bheadh sciathán leathair ann ag teacht amach ó uaimh. Fear mór cnámhach a bhí ann agus d ’ amharc sé le hiontas ar aghaidh an fhir óig a bhí i ndiaidh é a thógáil amach ón teach mar a bheadh bábóg ann. Níor labhair Feadaímó ach thug sé comhrá don fhear an díon a thréigeadh agus an talamh a bhaint amach. Fear breá aclaí a bhí sa phríosúnach agus ní raibh deacracht ar bith aige dhul ón díon síos ar an bhairille agus ó sin go talamh. Tharraing Feadaímó an dara fear amach an dóigh chéanna. Tháinig Seán Mháire Den amach ins an tríú áit agus nuair a shroich sé an díon d ’ aithin sé Feadaímó. Rinne Feadaímó comhartha leis gan a dhath a rá agus thuig Seán ar an bpointe caidé a bhí i gceist agus chuaigh sé go talamh gan focal ei- le.. Nuair a bhí siad uilig ar an talamh léim Feadaímó síos ina measc agus beart mhaith den tuí leis. Chrom siad uilig síos agus labhair Feadaímó. “ Caithfimid dhul trasna an bhalla ag cúl an phríosúin agus cuirfidh mise an tuí seo ar an ghloine bhriste sáite ar bharr. ” Chuaigh siad ar bharraicíní a gcos agus lean siad Feadaímó. D ’ amharc Feadaímó trasna an bhalla le bheith cinnte nach raibh aon duine thart. “ Anois a ghasúraí nuair atá sibh amuigh téigí díreach chuig na sean tithe sin amach romhaibh agus tiontaígí ar chlé. Tiocfaidh sibh ar an abhann taobh amuigh den bhaile agus fanaigí ansin go bhfaighidh mise fhad libh. ” Thiontaigh sé ansin agus dúirt leis an fear mór cnámhach. “ Gabh thusa amach ar dtús agus thig leat cuidiú a thabhairt do na boic eile, ” agus chuir sé an tuí ar an bhalla agus chuir sé a dhá lámh faoi chos an fhir mhóir agus d ’ fhág sé é ina sheasamh ar an tuí. Léim sé síos ar an taobh eile agus bhí an chéad fhear amuigh. Ní raibh deacracht ar bith leis an triúr eile agus thug Feadaímó é féin léim amháin suas ar an bhalla agus bhí seisean amuigh fosta. Chaith sé an tuí isteach sa príosúin arais agus rith siad i dtreo na dtithe. Bhí achan fhear acu costarnocht agus b ’ fhurasta dóibh a bheith ciúin ach ag dul thart ar theach amháin thosaigh madadh ag tafann agus d ’ fhreagair an madadh béal dorais é. Thosaigh madadh ar an taobh eile den bhaile ansin agus bhí callán go bráth acu. Chuala na saighdiúirí an rírá agus rith siad thart go cúl an phríosúin, fear acu ag dul bealach amháin agus fear acu an bealach eile. Bhí Feadaímó agus na fir eile taobh amuigh den bhaile faoin am seo agus shocraigh na madaí síos. Chas na saighdiúirí ar a chéile ach ní fhaca siad rud ar bith as áit. “ Damn mutts, ” dúirt fear acu, “ probably seen a cat ” D ’ aontaigh an fear eile leis, “ yeah, bloody racket ” “ Its no worse than those two morons out front ” dúirt an chéad fhear, agus thosaigh siad ag gáire. D ’ imigh siad leo thart ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3