Guth Ghoill, Eagrán 12

Eagráin a 12 Samhain 2006 - 14 ag teacht anoir. Níl a fhios agam cén áit a bhí siad ag teacht as nó cad é ’ n droch - ghaoth a sheol mo bhealachsa iad ach bhí siad ólta. Is dócha go raibh siad i gcró inteacht ina bhfuair siad poitín. Ní raibh iompar ró chairdiúil leofa agus bhí a fhios agam go raibh mé i mbuaireamh nuair a stad siad ag an droichead caol ag feitheamh orm. “ What brings you out at this time of the night you papist pig ” dúirt fear acu. “ Yeah, and what ’ s your name you pig, ” dúirt an fear eile, agus chonaic mé gur sáirsint a bhí san fhear seo. “ Seán Ó Colla ” a dúirt mé leis agus bhuail sé cnag orm lena dhorn. “ Don ’ t give me any of that Gaelic muck ” a dúirt sé. Ansin dúirt sé rud éigin i mBéarla nár thuig mé agus bhuail sé mé le buta dena ghunna nuair nár fhreagair mé é. Tháinig an fear eile isteach ansin agus bhí an bheirt acu ag dul domh. Tá a fhios agaibh féin an droichead caol, tá ’ n t - adhmad lofa agus cibé cén dóigh a tharla sé bhris an taobh agus thit an triúr againn isteach san abhainn agus mise ar mhullach an tsáirsint. Ní fiú trácht ar an mhéid uisce a bhí san abhainn agus bhuail an sáirsint a chloigeann in éadan cloiche agus scoilt sé mar a bheadh práta bruite ann. Bhí an fear eile ag teacht aige féin faoin am seo agus chonaic sé an sáirsint. “ You killed the sergeant you bastard. ” scairt sé agus thóg sé a ghunna. Tháinig mise amach as an abhainn mar a bheadh cat scallta ann agus dhírigh mé ar na cnoic. Tá a fhios agaibh féin cad é a tharla i ndiaidh sin. Tá a fhios agaibh anois go bhfuil sibh ag glacaint seans millteanach amuigh anseo ag cuidiú liomsa. “ Na habair a dhath fá dtaoibh dó, ” arsa Conál. Níl tú ciontach as coir ar bith ach sin mar atá rudaí sa tír seo ar na laethanta seo. Dóigh amháin nó dóigh eile tá do shaol in Éirinn thart muna bhfaigheann Napoleon an bhua ar na Sasanaigh, agus ní féidir leatsa fanacht go dtarlóidh sin. Chuir Proinsí a lámh ina phóca agus thug sé amach scilling. “ Seo agat, tabhair leat í, cuideoidh sé leat. Caithfidh tú do bhealach a dhéanamh go Rath Maoileáin agus ansin gabh isteach i dteach Chonchobhair Dubh atá in aice leis an ché. Tá seisean pósta ar Hanna, deirfiúr domh, cuideoidh siad leat. Bí cúramach ag dul isteach mar tá an baile sin plódaithe le saighdiúirí. Nuair a fheicfidh tú bád chogaidh ar an ché lig ort féin go bhfuil tú ólta agus tit ina chodladh in aice lei. Nuair a thabharfaidh duine acu faoi deara fear óg láidir ólta agus gan aon duine leis, ní bheidh siadsan i bhfad do thógáil agus beidh tú i gcabhlach an Rí. Ní chuirfidh siadsan ceis- teanna ar bith ort. Ní dóigh liomsa go bhfuil an dara rogha agat mar níl bádaí ar bith eile ag fágáil na tíre seo fhad is tá an cogadh ar siúl. Anois, tá am imeacht ann, caithfidh muidinne a bheith ar an Aifreann ar maidin nó beidh muid uilig i bpríosún. Thóg Conáil píosa aráin amach as a phóca agus thug do Sheán é. “ Ith seo a ghasúir, cuideoidh sé leat. ” “ Go raibh maith agaibh uilig, ” a dúirt Seán, “ a Pro- insí thig leatsa rudaí a mhíniú do mo mháthair. ” “ Ná an phríosúin arís agus nuair a tháinig siad fhad leis an gheafta chonaic siad na hamhránaithe ag bogadh ar shiúl agus dhá thaobh an bhealaigh leo. “ Wont sing without a bloody audience eh? ” dúirt fear acu, agus thosaigh an gáire arís. Nuair a bhí Conal Óg agus Proinsí Rua as amharc na saighdiúirí níor chuir siad am ar bith amú agus rith siad i dtreo na habhann agus an t - áth dubh. Chuaigh siad i bhfolach sna crainn ansin ag fanacht ar Fheadaímó. Shroich Feadaímó agus na fir eile an abhainn níos faide siar agus stad siad ansin faoi na crainn. “ Caithfidh achan fhear a bhealach féin a dhéanamh anois ” a dúirt Feadaímó. Chroith fear acu lámh le Feadaímó, “ go raibh maith agat a fhir óig agus tá shúil agam nach dtiocfaidh buaireamh ar bith do bhealachsa de thairbhe obair na hoíche seo. “ Is mise Domhnall Óg Ó Baoil agus ní dhéanfaidh mé dearmaid don éacht atá déanta anocht agat. Ra- chaidh mise agus Feargal siar i dreo na Rossa, ” cuirfear i bhfolach ansin muid go dtí go socróidh rudaí síos píosa. Sheas an fear mór, “ níl mise dul arais go Gaoth Dobhair, ” dúirt sé. “ Beidh na cótaí dearga mo chuartú go géar agus ní bheinn ach ag tarraingt trioblóide ar mo mhuintirse. Cén bealach a rachaidh tú a Chondy? d ’ fhiafraigh Domhnall Óg. D ’ amharc Condy air. “ Beidh sé níos fearr agat féin gan an t - eolas sin a bheith agat ar eagla go ngabhfar ort a Dhomhnaill. Anois, slán libh uilig agus go hairithe tusa a fhir mhóir gan ainm ” a dúirt sé le Feadaímó, “ ádh mór oraibh uilig a fheara ” agus d ’ imigh sé ó dheas mar thaibhse fríd na crainn. “ Is fearr dúinne na bonnaí a bhaint as fosta, a Fhearagail, dúirt Domhnall Óg, tá léir talamh idir muidne agus sábháilteacht. “ Ádh mór oraibh agus go dtuga Dia slán anocht sibh ” arsa Fearagal leis an bheirt a bhí fágtha. D ’ amharc an bheirt eile orthu ar feadh tamall agus iad ag imeacht siar gan focal astu. Ansin labhair Seán, Caithfidh mé a rá a Fheadaímó go bhfuil iontas an domhain orm tú a fheiceáil. Shíl mé féin gur crochta a bheinn gan mhoill. Níl tú sábháilte go fóill a Sheáin. Goitse, tá beirt eile ag feitheamh orainn. D ’ imigh sé ó thuaidh ag leanstan na habhann go dtí an t - áth dubh. Mhothaigh Proinsí Rua agus Conal Óg iad ag teacht agus bhí siad rompu ag an áth. “ Bhail, a Sheáin, tá lúcháir orm tú a fheiceáil. Cad é ’ n di- abhlaíocht a tharraing na cótaí dearga ort féin?. Bhí mé ag déanamh go raibh rud éigin ciotach nuair nach raibh tú ar an mheitheal inniu ”. Bhail, a Phroinsí agus a Chonail tá lúcháir ormsa sibhse a fheiceáil fosta. Cáidé rinne mé? Bhail sin ceist mhaith, agus inseoidh mé an fhirinne díobh. Mar a tharla sé bhí mé san áit chontráilte ag an am chontráilte agus casadh na daoine contráilte orm. Bhí mise amuigh aréir i dteach Thuathail Jack. Tá lámh is focal idir a iníon Máire is mé féin. Cibé ar bith, bhí mé ag teacht na bhaile roimh an mheán oíche nuair a casadh beirt de na boic dhearga orm

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3