Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 15 bíodh imní ar bith ort fá do mháthair, ní fheicfidh sí lá ocrais a fhad is tá mise i mo shláinte, ” arsa Pro- insí. “ Slán libh mar sin, ” dúirt Seán. “ Buailigí an bóthar go gasta a fheara agus ná bígí mall don Aifreann. ” Chuaigh siad uilig trasna na habhann ansin agus d ’ imigh Seán Mháire soir agus chuaigh an triúr eile ó thuaidh agus neart deifre orthu. Bhí an tAthair Ó Dochartaigh ag tabhairt amach Comaoineach ar maidin ag Aird na hAltóra nuair a chonaic Feadaímó an marcshlua ag teacht. Tháinig siad de ruathar agus scanraigh na daoine. D ’ imigh siad de ruaig reatha achan bhealach. Chuaigh na dragúin thart ar imeall an tslua agus bhailigh siad isteach arís iad mar a bheadh caoirigh ann. Bhí mná agus páistí ag caoineadh agus fir ag déanamh a ndícheall uchta a thabhairt díofa, cé gur bheagán a bhí acu féin faoi lansaí na ndragún . Thit croí Pháidí Dhomhnail nuair a chonaic sé go raibh an Captaen Albertson i gceannas orthu. Rinne an Captaen a chapall a shrianadh os comhair an tsagairt. We ’ re looking for a certain John Coll, where is he ? “ I have no idea ” arsa an sagairt. “ Liar, ” a scairt an Captaen agus an fhuil ag éirigh ann. “ You papist priests know everything that these maggoty scum get up to ”. Bhuail an Captaen an sagart lena eachlasc ansin agus thit an comaoineach ar an talamh. D ’ éirigh scread uafásach ó na daoine nuair a chonaic siad seo. Chuaigh an sagart ar a ghlúine leis an chomaoineach a thógáil agus chuir an Captaen a chapall chun tosaigh ag satailt na bpíosaí beaga geala isteach sa talamh . Ghlac Feadaímó coiscéim chun tosaigh ach chuir a athair srian air. Má tharraingíonn tú aird an fhir sin ort inniu a Fheadaímó beimid uilig sa phríosún tráthnóna. Beidh an chuid eile sa chéad eagrán eile. Uan £41,000 Sterling. Duine ar bith faoin cheantar seo a bhfuil caoirigh acu, beidh suim acu sa phíosa beag seo fá uan aghaidh dhubh ( North Blackface ) a cheannaigh feirmeoir sna Sé Chondae ag margadh i bPerth in Alban i mí Dheireadh Fómhair. Tá a fhios agam nach bhfuil a dhath cosúil leis ‘ na rith thart faoi mhachaire Dhun Dubháin nó amuigh ar shléibhte ghaothmhara an Mhill Mhór, ach b ’ fhéidir gur cheart dúinn a bheith ag smaoineamh fá chinn mar seo a cheannacht is- teach. Tá siad rud beag daor!!. Ranganna Gaeilge Beidh ranganna Gaeilge ag toiseacht ar an 6ú lá de mhí na Samhna ins an Ionad Acmhainne sna Dúnaibh. Beidh na ranganna bunaithe ar Theastas Eorpach na Gaeilge. Beidh ranganna ann do achan leibhéal ag toiseacht le A1 do na tosaitheoirí agus ag dul suas go A2, B1, B2, C1 agus C2. Tá scrúdaithe ansin i mí na Bealtaine agus beidh teastas ann do gach leibhéal. Tá suim mhór ag da- oine sna ranganna seo agus níl amhras ar bith gur seans maith é seo Gaeilge a fhoghlaim, nó feabhas a chur ar cibé Gaeilge atá agat.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3