Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 16 D ’ eagraigh Céim Aniar dhá Champa Samhraidh do pháistí bunscoile (idir 6 bliana agus 13 bliana d ’ aois) sna Dúnaibh ón 3ú - 7ú Iúil agus ón 14ú – 18ú Lúnasa 2006. Rinneadh é á reáchtáil in ion- ad C.L.G. na nDúnaibh ó 10am go dtí 3pm achan lá. Bhí an dá Champa seo oscailte do na páistí sa Tionscnamh Pleanála Teanga chomh maith le páistí ón taobh amuigh. Bhí suas le 30 páiste i láthair agus d ’ éirigh thar barr leis. Bhí na hábhair uilig déanta tré mheán na Gaeilge agus seo liosta de na hábhair a bhí á dteagasc ann: Ríomhaireacht, Peil, Comhrá Gaeilge, Garchabhair, Cispheil, Dreas Cainte, Ealaín agus Ceird, Tógáil Caisleán ar an trá, Tóraíocht Scavenger, Rásaí, Scéalaíocht agus Amhránaíocht, Comórtas Talainn, Tráth na gCeist agus Damhsa Gaelach. Thug muid cuireadh do na tuismitheoirí theacht ar an Aoine chun seó beag a fheiceáil a chuir na páistí le chéile. Dúirt si- ad uilig dán, bhí Amhráin, Ceol, Damhsa Gaelach, agus Agallamh Beirte ann chomh maith. Bhain achan duine sult as an seó agus ansin bronnadh teastas, bonn agus duais ar gach páiste. Is é an sprioc a bhí againn sna campaí seachtaine ná léir imeachtaí suimiúla a bheith againn le hintinn na bpáistí a spreagadh agus rinne siad iarracht mhaith Gaeilge a labhairt i rith an ama. Maith sibh a pháistí!! Dá mbeadh soineann go Samhain, bheadh breall ar dhuine éigin. Is fearr Gaeilge bhriste na Béarla cliste. Faigh do bhean i gcóngar, ach i bhfad uait díol do bhó. Drochubh, drochéan. Bíonn gach duine go lách go dtéann bó ina gharraí. Na ceithre rud is measa amuigh; Ceann tinn, béal seirbh, intinn bhuartha agus póca folamh.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3