Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 3 Eagarfhocal Na Samhna 06 Is é seo an dóú eagrán déag de Ghuth Ghoill agus i ndiaidh dúinn triall a bhaint as rudaí éagsúla ó am go ham agus trí a bheith ag labhairt le daoine faoin irisleabhar tá muid sásta go bhfuil feabhas ag teacht ar an stíl agus ar na hábhair i nGuth Ghoill. Beimid sásta labhairt le duine ar bith faoi idéanna ar bith atá agaibh agus gheobhaidh sibh muid ag 074-9154830 nó ag ceimaniar @ eircom.net . Tá muid an-bhuíoch do na daoine sin a scríobhann píosaí dúinn go rialta agus caithfidh mé a rá leosan barr géar a chur ar a gcuid pinn luaidhe mar go mbeidh muid ag súil le eagrán speisialta a chur amach don Nollag. Tá daoine ann agus scríobhann siad píosa do eagrán amháin agus táimid an bhuíoch dóibh sin fosta mar cuidíonn achan rud le hirisleabhar beag áitiúil cosúil le Guth Ghoill. Íocann daoine síntiús €20 ag tús na bliana anois agus cuirtear gach eagrán de Ghuth Ghoill sa phost chucu. Tá méadú ag teacht chuile bhliain ar an méid daoine atá á lorg ar an dóigh seo. Duine ar bith fán cheantar gur mhaith leo Guth Ghoill a fháil ar an dóigh seo is féidir linn sin a shocrú ach an €20 a bheith íoctha acu ag tús na bli- ana. Duine ar bith a dhíol a gcuid airgid i lár na bliana anuraidh agus nach bhfuair an chéad cúpla eagrán, thig linn iad a chur chucu ach iad ceist a chur. Tá súil againn go mba- infidh sibh sult as an eagrán seo agus go mbeidh Oíche Shamhna mhaith agaibh. Is é seo pictiúr do ché na nDúnaibh i lár mí Mheán Fómhair. Bhí an rabharta ann agus bhí an lán mara iontach ard ar fad an tráthnóna sin. Cé go raibh daoine a rá go bhfaca siad an taoide ag dul trasna na cé in amanna caithfimid anois í a chur san áireamh go bhfuil léir obair déanta ar an ché ó shin agus go bhfuil sí chor a bheith troigh níos airde anois ná mar a bhí. Fosta bhí an tráthnóna ciúin agus ní raibh bogadh ar bith san uisce. Dá mbeadh stoirm nó mórtas san fharraige bheadh dochar déanta. Cibé ar bith is pictiúr galánta é a ghlac Stiofán Ó Sibhleáin agus tá muid buíoch do ar a shon sin.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3