Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 4 Athaontú Scoil Mhíobhaigh Duine ar bith a d’fhreastail ar Scoil Mhíobhaí agus a bhí as láthair an oíche seo bhail, caithfidh mé a rá gur chaill siad scoth na hoíche. Chuir Coiste Athaontú Scoil Mhíobhaí oíche i láthair a dtig leo a bheith bródúil as. Is é an coiste a bhí ann ná Donncha Mic Giolla Bhríde, an cathaoirleach, Caitlín Ní Dhomhnaill, an rúnaí agus Sean Mac Giolla Bhríde, an cisteoir. Ag cuidiú leo bhí Micheál Ó Gallchóir, Micheál Ó Dochartaigh Noreen Goulding agus Proinsias Ó Cuilinn. Thosaigh an oíche leis an Aifreann in Eaglais Stella Maris agus rinne an tEaspag Philip Ó Buaidhe é a cheiliúradh leis an Athair Cathal Ó Beirn mar chomhcheiliúraí. Bhí scaifte maith ar an Aifreann agus bhí an cór agus an ceol sármhaith. Glacadh grianghraf den slua ó mhullach Theach an Phobail agus bhí an pictiúr seo le feiceáil sa “Tírconáil Trib- une” an tseachtain dar gcionn. Chuaigh achan duine síos go dtí Ionad CLG Na nDúnaibh ansin agus cuireadh tús le himeachtaí na hoíche. Bhí beár ansin agus leis an fhírinne a insint, bhí sé gnoitheach ó thús go deireadh na hoíche. Chuala mé go raibh léir daoine ansin agus fonn orthu de- ochanna a cheannacht do dhaoine nach bhfaca siad le fada; ach caithfidh mé a rá nár casadh mórán de na ceannaitheoirí flaithiúlacha sin ormsa. Thug Fintán Ó Gallchobhair taispeántas ag 9.30 ar mhéadú agus laghdú an daonra idir 1901 – 1911, agus ar athruithe eile a tharla ag an am sin. Bhí sé thar a bheith suimiúil a bheith ag amharc ar staitisticí a bhain lenár sinsear agus comparáid a dhéanamh idir na figiúirí sin agus an t-athrú a tharla idir sin agus an lá atá inniu ann. Bhí píosa an-ghreannmhar ann faoin difear a bhí idir aoiseanna na ndaoine i 1901 agus 1911, suas le fiche bliain i gcásanna áirithe agus an dóigh gur athraigh na hainmneacha sa tréimhse
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3