Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 5 céanna, mar shampla Caitlín go Kitty, Wilhare go Carr agus srl. B’fhéidir go raibh baint ag pinsean na seandaoine, ar cuireadh tús leis i 1908 le cuid de na hathraithe seo. Ag a deich a chlog thosaigh an béile, agus nuair a rinneadh an fógra go raibh an béile réidh, ghlacfá a bheith i mbarr do shláinte le fáil fhad leis an tábla leis an táinrith a tharla. Bhí ocras ar dhaoine is dócha mar bhí sé mall go leor ach le cothrom na féinne a thabhairt don Síbín Ceoil, do Mháiréad agus a foireann, bhí béile den chéad scoth déanta acu agus flúirse bia le fáil. Bhí a sheacht sá ag achan fhear is bhean de shicín, iasc, mhúiríní agus rl gan trácht ar na sailéid. Nuair a bhí an féasta thart agus a ndótháin ag achan duine labhair Donncha Mic Giolla Bhríde, agus Máire Bn Uí Fhrighil, muinteoir a bhí sa scoil sna caogaidí agus a d’fhág i 1962. Labhair Sean Mic Giolla Charra, fear a fuair taithí múin- teoireachta sa scoil i 1966 agus chuir Mícheál Mac Aodha deireadh leis an pháirt sin den oíche. Bhain achan duine sult as na hóráidí mar bhí si- ad suimiúil agus bhí neart greann iontu. Tho- saigh an ceol ansin leis an “Anvil Ceilí Band,” agus chan seo an chéad oíche a bhí na boic sin amuigh mar ba bhreá na ceoltóirí iad. Bhí achan sórt damhsa ag dul idir waltzes agus reels agus nuair a bhí baicle a dhíobháil fa choinne “ The Walls of Limerick” cha raibh sé doiligh í a fháil. Bhí na bonnaí leathair agus bonnaí na sál ard ag baint toit as an urlár, agus da- oine a shilfeá nach mbeadh croitheadh coise iontu, ag seoladh chun an urláir leis na chéad nótaí de achan phort. Bhí raifil againn fosta agus bhain Mícky Áine ón Ghlíob pictiúr de- as de n scoil a rinne Tommy Clyde. Bhain Micky Phat ón Ghliob cairdeagán cadáis a chniotáil Nan, agus iontas na n-iontas chuaigh an tríú duais an treo céanna nuair a bhain Treasa Nic Giolla Bhríde ( Stiophán) an t-uisce beatha. Cibé ar bith, le scéal fada a dhéanamh gairid, tháinig deireadh leis an oíche agus fuair achan duine na bhaile slán sábháilte, buíochas do Dhia. Nuair a tho- saigh Donncha agus an coiste ar an tógra seo bhí sé de sprioc acu oíche a eagrú do na da- oine a d’fhreastal ar Scoil Mhíobhaí. D’éirigh leo sin a dhéanamh agus cé nach bhfuil an chuid is mó den obair a rinne siad le feiceáil ar ócáid mar seo, tuigeann an pobal nach dtarlaíonn a leithéid gan allas duine in- teacht a bheith dóirte. Is é Donncha an fear a rinne an chuid is mó den obair sin agus tá an-mholadh tuilte aige, agus ba mhaith le Donncha agus an coiste uilig buíochas a gha- bháil le achan duine a chuidigh ar dhóigh ar
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3