Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 6 An Corrach Teach Noní ( John Mac Giolla Bhríde) Is fada an lá é ó fuair Noní bás agus níl aon duine beo anois as an teaghlach de sheachtar nó d’ochtar a thóg sé. Is í Nora Reeves gar iníon do Noní an duine deireanach a bhí ina cónaí anseo. Seanteach Phatrick Pháidí Den Bhog Patrick suas go dtí an teach úr a thóg siad ag ceann an bhealaigh sna seascaidí. Bhí sé ina chónaí ansin lena dheirfiúr Magie agus ansin Máire. Tá siad uilig marbh anois. Teach úr Phatrick Pháidí Den Teach Pháidí Dhonncha Mór Caithfidh muid a dhul ar ais seacht nglún chun Donchadh Mór a fháil. Thóg seisean an teach seo, is dócha, thart fá lár an 19ú aois. Bhí sé pósta ar dhuine de bhunadh Uí Chóill as an Raplach. Bhí ceathrar clainne ag Donchadh Mór — Charlie Dhonchaidh Mhóir, Paidí Dhonchaidh Mhóir, Peigí Dhonchaidh Mhóir agus Rosie Dhonchaidh Mhóir. Níl againn ag an phointe seo ach na teaghlaigh a shíolraigh ó Charlie agus ó Phaidí Dhonchaidh Mhóir. Bhí Charlie ina athair mór ag muintir Hughie Den i nDumhaigh, muintir Shéarlaí i nDoire Chasáin, Pat an Gréasaí agus muintir Faoin Bhinn, agus scaifte an-mhór den chlann seo thart fá cheantar Ghlascú. Bhí mac de chuid Phaidí Dhonchaidh Mhóir, fear a raibh Neaty air, a chur faoi i mBaile na nGallóglach agus bhí seachtar nó ochtar clainne aige. Tá scaifte mór den bhunadh
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3