Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 7 seo thart fá Bhaile na nGallóglach anois. Bhí Paidí ina athair mór fosta ag Annie Dochartaigh a bhí pósta ar Phaidí Phaidí a Buaidhe i gCeann A’ Leargaí, sin máthair Madge Mc Gettigan agus Annie Rooney. Tá Annie sa teach ar tógadh í ann i gCeann A’Leargaí. ‘Sé an píosa eolais atá again faoi Pheigí ná go raibh sí ina máthair mhór ag muintir Nead Mhór i nDoire A’Chasáin. Bhí aithne ag cuid mhaith againn ar Nead Nead Mhór agus ar Mhánas Nead Mhór — Mánas A’Phoist. Is teach saoire atá anseo anois. Bhí an teach seo druidte le níos mó na seasca bli- ain roimhe seo. Gleann Úraí Teach Jimmy Doherty Ba iad Denis agus Maggie Doherty, dhá cholceathair an bheirt dheireanach a bhí ina gcónaí sa teach seo agus fuair siad bás ag deireadh na seascaidí. Teach Bhidí Pháidí Óig Ba duine a bhí in Bidí a raibh cliú uirthi fán áit mar reathaí. Phós sí fear darbh ainm Mac A tSaoir agus thóg seisean halla beag damhsa ag cúl an tí. Tógadh le “corrugated iron” an foirgneamh agus bhíodh spóirt ar dóigh ag na gasúraí óga ag caitheamh cloch ar an díon nuair a bhíodh an damhsa ag dul ar aghaidh. Teach Phaidí Mhadgsie
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3