Guth Ghoill, Eagrán 12

Eagráin a 12 Samhain 2006 - 8 Phós Páidí bean darbh ainm Hannah Bhrian agus thóg siad seachtar clainne. Fenny, Maggie, Rosie, Máire, Micky, Denis agus Charlie. Tá Rosie beo go fóill. Teach John Thuathal Mór Fear stairiúil cliste a bhí in John Duffy a chuidigh le achan duine faoin áit foirmeacha a líonadh isteach nó litreacha a scríobh. Chaith Leslie léir ama sa teach seo agus fuair sé neart focla Gaeilge don leabhar ‘ Cnuasach Focail as Ros Guill’ ó John. Fuair John bás sa bhliain 1985. Teach Mhicí Rua Tógadh an teach úr ag tús na 40’s agus is é Micheál Thuathal Stiofán a rinne an obair. Tugtar na Micí Rua’s ar bhunadh an tí seo go dtí an lá atá inniu ann. Is é Boyce an sloinneadh a bhí ar Mhicí Rua, seanathair Annie. Fuair Annie bás sa bhliain 2003. Tá mac Annie, ‘sé sin John pósta agus ina chónaí píosa thíos ón teach seo — John Annie Mhicí Rua. Rugadh iníon do Freddie, mac John, i lár mí Dheireadh Fómhar 2006. Kitty an t-ainm a tugadh uirthi agus déanaimid comhghairdeas a ghabháil le Freddie agus a bhean céile Ger. Má leanann muid leis an traidisiún is dóiche gur Kitty, Freddie, John, Annie, Phaidí Mhicí Rua a hainm áitiúil. Teach John Annie Mhicí Rua Cupla Reabhlóga Tá ceann tuí ar thrí theach atá thíos le taobh na toinne. Bhí bean ag Joe Is bhí banjo ag Joe Is bhí banjo ag bean Joe B'fhearr go deo Joe ar an mbanjo Ná bean Joe ar an mbanjo go deo. Tá sicín ina seasamh sa tsneachta lá seaca.

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3