Guth Ghoill, Eagrán 12
Eagráin a 12 Samhain 2006 - 9 Coisreacan na gCurach Ar an Domhnach an 16ú lá de mhí Iúil tháinig na sluaite de mhuintir an taobh thoir agus leoga, neart de mhuintir an taobh thiar fosta, go bruach na Maol Ruaidhe thíos i nDún Dúbháin. Cha ngeofá a leithéid de lá ar an Riviera. Bhí an ghrian ag scoilteadh na gcloch agus gan scamall le feiceáil ó cheann Mhálainne go Corn Binne. Bhí sé ag trá agus bhí dhá churach ina suí go seascair sámh san fheamainn cois farraige. Bhí na daoine uilig, idir fhir is mhná is pháistí ina seasamh thart ag comhrá agus ag baint sult as an aimsir ghrianmhar. Bhí boladh galánta san aer mar bhí trí bharbaiciú faoi lán seoil, ag róstadh an bhia go deas socair, sa dóigh is go mbeadh sé réidh nuair a bheadh an coisreacan déanta. Thart faoin trí a chlog tháinig an tAthair Cathal Ó Beirn agus bhailigh achan duine thart ag éis- teacht. Thosaigh an sagart ar an choisreacan agus bhí sé dó-chreidte an suaimhneas a bhí thí- os ansin ar bhruach na Maoil Ruaidhe fríd an searmanas ar fad. Ní raibh le cluinstin ach canadh binn an loin dhuibh, monabhar íseal na farraige agus glór láidir an tsagairt sa bhá bheag fhoscaíoch. Níor mhair an cineáil sin ciúnas i bhfad. Chomh luach is a bhí an leabhar naofa druidte agus an bheannacht dheireanach déanta ag an Athair Ó Beirn chuaigh na curacha amach. Ní raibh ganntanas rámhaithe an lá sin agus chuaigh siad i mbun iomramh gan feidhm an dara ceist a chur orthu. Chuaigh siad suas thar Faoin Stór a fhad le Analin agus Carraig a Ghli- omaigh agus anuas arais go dtí Bá Lag an Ghearáin leis an sruth agus bheadh beirt eile ag fanacht orthu lena seal féin a fháil. Ansin tugadh amach na páistí agus na mná agus i ndeireadh an lae, fuair achan duine a raibh turas beag farraige a dhíobháil orthu a mian. Bhí an Bád Tarrthála ansin fosta le súil ghéar a choinneáil ar rudaí, agus tá buíochas tuillte ag an Garda Cósta áitiúil mar tá siad i dtólamh sásta cuidiú a thabhairt ar ócáidí mar seo. Ba í an fhoireann a bhí ar an bhád an lá sin ná, Seán
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3