Guth Ghoill, Eagrán 13

Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 10 An Ghlíob Seo Baile Fearainn a fuair a ainm ó thalamh Eaglaise agus de réir na seandaoine bhí scoil ar an bhaile seo sa tsean am ach deirfinn gurbh “hedge school” mar a tugadh orthu a bhí ann mar nach bhfuil sean bhallóga ar bith le feiceáil. Seo an t-aon Bhaile Fearainn i Ros Goill nach bhfuil cósta farraige aige. Tá an baile scartha píosa beag ó chéile, an baile thall agus an baile abhus agus is minic a bheadh rud beag comhlint eatarthu in amanna. Ba clochán a bhí sa bhaile thall, sin baile ina raibh tithe an bhaile ar mhullach a chéile, rud a d’fhág aos óg an bhaile ag rith ó theach go teach agus scéalta breatha le cluinstin acu, b’fhéidir cuid acu fíor agus cuid acu nach raibh ach thug se saibhreas na teanga agus na sean ghnástaí dóibh. Bhí fadhb bheag le seo fosta mar nuair a bhí an t-am ann a gcuid a thabhairt do na cearca bhí deacrachtaí acu a gcuid cearca féin a scaradh ó chuid an bhaile agus deirfinn go raibh níos mó ná na cearca ag scolgarnach in amanna. Bhí na cuibhrinn rannta ag córas Rundale, d’fhág sin cuibhreann tí amháin sínte le cuibhreann tí eile, rud a thóg ioplach anois is arís go háirithe nuair a bhrisfeadh ainmhí amach as cuibhreann. Níl morán ainmhithe le feiceáil ná le cluinstin fá na bailte beaga seo anois. Ins na caogadaí bhí an clochán beag seo glórach, lách agus garúil agus is as bailte mar seo a tháinig an meitheal, seo scaifte fear ón bhaile ag tabhairt lá oibre dá chéile leis an bharr a shaothrú nó lá oibre ar an phortach agus cuid mhaith rudai eile agus sin mar a bhí sé ar an Ghlíob. Seo na tithe atá agus a bhí ar an Ghlíob o na triocaidí nó mar sin. Tosóidh mé ag teach Sti- ophán Beag, teach breá dhá stór le ceann sclátaí, a tógadh indiadh am an chogaidh. Cha raibh tithe mar seo ró-choitianta ag an am, teach ina raibh craic, ceol agus damhsa i gcónaí ann. Bhí Stiophán Beag pósta ar Gracie A’ Phathar- lan agus cosúil le morán eile fear sa cheanntar bhí acu le himeacht thar sáile san Fhómhar ag an ghutáil nó ag obair ag na feirmeoirí le cupla punt a shaothrú le tabhairt ‘na bhaile. Hi- ot amháin ag filleadh arais na bhaile do thart fá am conascaire, bhuail sé cnag ar an doras agus é cóirithe suas go breá, is dócha nár aithin Gracie an fear cóirithe seo agus dhruid sí an do- ras ina aghaidh — sin an scéal ar chor ar bith! Bhí mac amháin, Jimmy, agus cúigear iníon acu. D’fhan Jimmy fán bhaile agus phós sé Maggie Peoples as Glinsc, bhí seisear mac agus iníon amháin acu. Tá Pól, an mac is óige, ag tógáil teach úr san am i láthair ar shuíomh an tseantí. Téann muid síos píosa an baile go dtí an dá theach cheann tuí, teach Phat Charlie agus teach Johnny Phatharlan agus iad ceanglaithe le chéile agus faoin díon amháin. Tosóidh muid le

RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3