Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 11 teach Phat. Ba Pat, athair Dinis, agus do réir na seanscéalta, an fear deireanach a chonaic tai- bhse ar an taobh thoir. Bhí Mac Phat (Dinis), is seo an t-ainm a fuair sé i gcónaí óna bhean chéile Bella, óna chlann agus ó Ann Lynch, colceathar do Dinis, a bhí ina cónaí sa teach leo. Bhí cáil ar Ann mar ghutalaí scadán agus deir siad gurbh í an t-aon bhean amháin a théadh mar bhall de chriú fear go háiteanna éagsúla in Éirinn, Sasana, agus Alban ag gutáil scadán pé áit a raibh siad. Chaith sí tréimhse fosta ar ché na nDúnaibh ag gutáil nuair a bhí an t-iascaireacht mhór scadán ann i dtús an chéid deireanach. Fear mór ábalta a bhí i Mac Phat agus seanchaí ar dóigh. Bhí scéal difriúil agus suimiúil aige do shean is óg agus shuífeá go maidin ag éisteacht leis. Bhí sé fosta eolach ar ainmhithe agus cliú is cáil air sa pharóiste ón taobh seo de. Bhí sé ábalta bó a thomhais, rud nach raibh morán ábalta a dhéanamh agus ní raibh de threalamh a dhith air ach maide briste agus aibhleog dhearg. Bhí bó le tomhais nuair a bhí sí caite, sin é cha raibh sí in ábhair gamhain a thógáil. Tá scéal amháin a d’inis Dinis Dhonnchaidh Mhícheáil dom fán am a fuair a athair John é le bó a bhí aige a thomhais. Tho- saigh Dinis leis an mhaide briste agus an ai- bhleog ach leath bealaigh fríd stad sé agus dúirt sé le John “Tá dabht agam go raibh fear éigin ei- le ag útamáil leis an bhó seo romhamsa.” Is cosúil go dtug John é féin iarracht an bhó a thomhais agus gur theip air ach níl fhios cén dóigh a raibh a fhios ag Dinis faoi seo. Bhí Dinis pósta ar Bhella, iníon John Bán as an bhaile abhus agus bhí ceathrar mac agus beirt iníon acu. Tá Paidí agus John sa bhaile agus iad ina gcónaí píosa ar chúl an tsean tí, seo teach a thóg Dinis agus Bella ins na seascaidí. Tá an sean teach folamh agus ina bhoitheach le fada. Thóg mac eile dóibh Charlie teach úr ar na mallaibh síos giota faoin tseanteach, áit a gcaitheann sé féin is a theaghlach cuid mhaith ama. Mar a dúirt mé, bhí teach Johnny Phartharlan agus teach Phat faoin díon amháín, bhí Johnny pósta ar Ghracie Charlie Pháidí as Cluain tSalach. Bhí seisear iníon agus mac amháín acu
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3