Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 12 agus níl aon duine acu beo inniu ach amháin Aggie. Seo teaghlach gur cuimhin liom a théadh go hAlban achan séisiúr ag ‘an tataí thocháil’ D’fhág Johnny agus Gracie an Ghlíob am éigin sna daicheadaí agus chuaigh siad go Cluain tSalach. D’fhág sin an teach ar an Ghlíob folamh. Tá teach saoire tógtha ar an suíomh seo anois ag teaglach as na sé contae. Siúlfaidh muid síos cupla coiscéim eile go teach Ainne agus seanteach a’ Ghréasaí a bhí faoin dí- on amháin fosta agus ceann tuí orthu, áit a raibh John, Feardaí agus Annie ina gcónaí agus cha raibh aon duine acu pósta. Nuair a fuair Annie bás tháinig Kitty ‘na bhaile lena mac Micí as Sasana. Bhí Annie agus John mothúil agus soineanta ach lá amháín bhí Mac Phat amuigh ag ‘whitewasháil’ mar a ba gnáth leo a rá, seo aol agus gorm meascaithe le chéile agus péinteáilte ar na ballai amuigh is istigh. Bhí sé ar a dhíche- all agus é a rá leis féin go breá ard ‘A Ghal- lachóir is tú thig é a dhéanamh’ mar go raibh a fhios aige go raibh Annie a choimhead agus ’sé an freagra a thug sí air ‘ Is maith gur tú féin atá do mholadh’. B’fheidir go raibh sí mothúil ach cha raibh sí ró-mhall. Bhi Feardaí fosta sa teach le Annie agus John, ní raibh sé ró-mhór ach bhí sé miotallach. Sórt de Chúchulainn an taobh thoir a bhí ann leis na gaiscí uilig a rinne sé ina lá. Bhí suim mhór aige san iariaireacht go h- áirithe ar na carraigeacha le slat, agus tá sé ráite go raibh sé ábalta an fabhaire a bhí ar an ruaim a chur trasna na Maoile Ruaide go taobh Fhánaide, ní raibh sin déanta ó shoin!! Tá an teach seo folamh le fada agus ina bhoitheach le fada. Thóg siad teach úr ins na caogadaí os coinne an tseantí an áit ar chónaí siad fada go leor. Tá an teach seo ceannaithe mar theach saoire ag teaglach as na se contae le tamall anuas. Thóg Micí mac Kitty agus a bhean chéile teach úr píosa ar chúl an tseantí le goirid agus tá iníon dóibh anois ag tógáil teach di féin cóngarach dóibh. Mar a dúirt mé bhí seanteach a’ Ghréasaí agus seanteach Ainne faoin díon amháin. Cha chuimhin liom cónaí a bheith i seantetach a Ghréasaí an áit ina bhfuil boitheach anois. Síos píosa eile bhí teach úr a Ghréasaí, seo teach dhá stór le ceann sclátaí cosúil le teach Stiophán Beag a tógadh ins na triochaidí chomh maith. Bhí Stephen, Máire agus a fear céile Dinny Éamonn as an taobh thiar ina gconaí ann. Fear mór caol cruaidh ard a bhí i Stephen agus deir- tear nach raibh fear níos fearr san íochtar le spáíd nó speal ná é. Mar a dúirt mé bhí Dinny Éamonn ina fhear poist ar an taobh seo ar feadh na mblianta fada. Is ioma dea-scéal agus droch scéal a thug sé do na daoine agus é ag tabhairt amach a chuid litreacha. Bhí Honda 50 aige ins na blianta deireanacha, rud nach raibh ag mo-
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3