Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 13 rán. Bhí an oiread cáil ar an Honda seo agus a bhí ar Dinny é féin!! Bhí mac amháin acu, Michéal, a thóg teach breá úr ar shuíomh an tseantí an áit ina bhfuil sé féin agus a bhean ceile Margaret ina gcónaí. Tá mac agus iníon dóibh ag tógáil tithe úra dóibh féin i láthair na huaire cóngarach don tseanteach. Tá teach úr eile á thógáil ag teaglach as na sé Contae siar ó theach John Phat san am i láthair. Téann muid anonn go Tobhar na hAilte Báine agus síos go dtí teach John Bán agus teach Mhicí Mhánuis. Mar a gcéanna bhí an dá theach seo faoin díon amháin. Tithe ceann tuí a bhí iontu sa tseanam ach cuireadh ceann sclátaí ar theach John Bán sna triochaidí. Bhí John Bán pósta ar Nancaí Nic Aodha as Ailt a Chaorthainn. Is cosúil go raibh John ag dul den phóitín ina am agus deirtear go dtáinig na gardaí air oíche amháin gan mhothú agus fuair greim ar a bheiste. Scaoil sé an bheiste agus lig leo é agus bhain na bunnaí as ach chaill sé trealamh an phoitín. Bhí cúig chloigín déag de chlann acu agus d’imigh an chuid ba mhó acu go Meiriceá ach d’fhan Jimmy agus Páidí Mór sa bhaile. Phós Jimmy Cassie Coyle as an Raplach agus bhí cearthrar mac agus beirt iníon acu. Níor posadh Páidí Mór agus chaith sé a shaol ag feirmeoireacht, seo fear cruaidh láidir a bhí amuigh in achan chinéal aimsire. Is cosúil gur ghnáth leis in amanna nuair a bheadh sé ag piteáil prátaí agus dá dtagadh cioth fearthainne bhainfeadh sé de a chóta agus chlúdódh sé na prátaí leis, sin an meas a bhí aige ar a shláinte. Bhí cónaí ar mhac Jimmy agus Cassie, sin Dan- ny agus a bhean chéile Marian agus a gclann, sa tseanteach go dtí gur thóg siad teach úr píosa os cionn an tseantí tamall ó shoin. Tá an seanteach leagtha agus tá iníon Danny, Roisin, ag tógail teach úr ar an suíomh san am i láthair. Anonn giota ó theach Danny agus Mari- an tá teach breá tógtha ag a mac Pól agus a
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3