Guth Ghoill, Eagrán 13
Mí na Nollag 2006 An 13ú Eagrán, Ltch. 14 bhean chéile Treasa, an áit ina bhfuil siad ag tógáil clainne. Píosa beag síos uaidh sin tá Ned agus a bhean chéile Marian ag tógáil teach úr, seo deartháir do Danny atá ag teacht arais as Sasana le cónaí anseo. Tá sean teach Mhící Mhánuis leagtha fosta agus mar a dúirt mé bhí an dá sheanteach seo faoin díon amháin agus tógadh an dá theaghlach mar theaglach mhór amháin. Bhí Mandaí, Micí agus a bhean chéile Sally as an Raplach agus a gclann ina gcónaí anseo go dtí na caogadaí nuair a thóg siad teach úr os cionn an bhealaigh mhóir. Char ghlac Mandaí ró-mhaith leis an athrú seo ag an am mar go raibh a mheabhair ag dul chun deiridh. Ar lá tórraimh a dhearthár Micí nuair a fágadh an chónair taobh amuigh den doras le cupla paidir a rá tháinig Mandaí amach. Agus é ina sheas- amh ag amharc ar an chónair dúirt sé leis féin “tchím nach bhfuil an fear seo ag dul a dhéa- namh an bhat ar an tséisiúr seo ach oiread.” Ba sin cuid smaointe Mhandaí bocht — is cosuil go raibh Micí bocht tinn le tamall. Bhí teaghlach mhór ag Micí agus Sally agus níl ach Mánus agus Máire fágtha anois. Níl duine a bith dena mbunadh ina gcónaí sa teach ó fuair Dinis bas. Ta cuid mhaith de na daoine atá luaite thuas agam ar shlí na fírinne, go ndéanfaí Dia Teócaire ar a n-Anamnacha.
Made with FlippingBook
RkJQdWJsaXNoZXIy NzQxNzU3